Curtha ar fáil duit ag

Curtha ar fáil duit ag An Post, an Irish Times, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Acadamh Ríoga na hÉireann

1/100

Gaiste Éisc
Méisiliteach

c.5000RC
  • I ndáiríre, is é atá i gceist le ‘Méisiliteach’ ná an ‘Mheán-Chlochaois’, agus is é atá i gceist le ‘Neoiliteach’ ná an ‘Nua-Chlochaois’.
  • Le linn na tréimhse Méisilití, ní raibh de dhaonra in Éirinn ach thart ar 5,000 duine – cosúil le baile beag inniu.
  • Tá daonra oileán iomlán na hÉireann breis is 1,000 uair níos mó anois, is é sin, 6.3 milliún.
Discover more about the object >

2/100

Ceann Tua
Deasghnách

c. 3600RC
  • Níor úsáideadh an ceann tua riamh le rud ar bith a ghearradh. Ba réad neamhchoitianta i gcónaí é, agus cruthaíodh é ní hamháin chun gradam an té ar leis é a threisiú, ach freisin mar rud beannaithe ann féin.
  • Is ó Monte Beigua, go hard in Alpa na hIodáile gar do Genoa, a tháinig sé.
  • Ba shiombail é an tua d’fhorlámhas an duine ar an nádúr. Leis na tuanna nua seo bhíothas in ann na coillte dlútha seo a bhaint.
Discover more about the object >

3/100

Babhla
Neoiliteach

c. 3500RC
  • Aimsíodh an babhla neoiliteach in 1992 san Eanach i gCo. Luimnigh Thoir.
  • Nuair a aimsíodh an babhla, bhí sé in éineacht le hiarsmaí trí phota eile, i bpluais bheag ina raibh trí chnámharlach iomlána duine, dhá ghrúpa eile de thaisí daonna, cnámha éagsúla ainmhí, agus lann bhreochloiche le ceann saighde.
  • Léiríonn an babhla agus na potaí dúinn gurbh fheirmeoirí iad na daoine; is léir dúinn ó na réada eile gur sealgairí agus laochra a bhí iontu freisin.
Discover more about the object >

4/100

Ceann Máis
Breochloiche

c. 3300-2800RC
  • Bíonn breochloch le fáil ina cnapanna i gcisil chailce.
  • Tá breochloch ar cheann de na hábhair is crua dá bhfuil ann.
  • Aimsíodh an ceann máis deasghnách seo i seomra an tuama thoir, thíos faoin olltuama pasáiste i gCnóbha i nGleann na Bóinne, Co. na Mí.
Discover more about the object >

5/100

Mála
Neoiliteach

3800-2500RC
  • Is mála láimhe 5,000 bliain d’aois é seo a aimsíodh i bportach in Twyford, Co. na hIarmhí.
  • Thángthas ar mhálaí cosúil leis ar fud an domhain: is sa Mheánoirthear timpeall 4800 RCh a tháinig an teicníc seo ar an bhfód agus tá sí fós in úsáid i gcultúir dhúchasacha.
  • An tráth sin, níor ghnách do dhaoine maireachtáil níos faide ná na tríochaidí.
Discover more about the object >

6/100

Fáinní Cluaise i
bhfoirm Ciseáin

c.2300RC
  • Bhí na fáinní cluaise i bhfoirm ciseáin faoi thalamh in Amesbury, gar don séadchomhartha Sasanach úd, Stonehenge, thart ar 2400-2200 RCh.
  • Tá roinnt seandálaithe den tuairim go gcaití iad timpeall imeall na cluaise.
  • Measann cuid eile díobh go gcaití iad i dtrilseáin ghruaige.
Discover more about the object >

7/100

Péire Dioscaí
Óir

2200-2000RC
  • Is as Tigh Damhnata i gCo. Mhuineacháin na dioscaí óir seo.
  • An cumas a bhí ag oibrithe miotail na Cré-Umhaoise Luaithe, carraig gharbh a chlaochlú ina réada chomh geal dallraitheach sin, caithfidh gur chuir sé faoi dhraíocht iad ar bhealach éigin.
  • Creidtear go forleathan go mbaineann na dioscaí le cultas gréine agus gur léiriú iad na cruthanna crosdealbhacha sa dearadh ar ghathanna slánaithe na gréine.
Discover more about the object >

8/100

Taisce Óir
Chagála Beag

2300-2000RC
  • Is beag meáchan atá i dTaisce Óir Chagála Beag -78g san iomlán, thart ar 2½ unsa.
  • Léiríonn na dioscaí an ghrian agus léiríonn an luanla an ghealach.
  • Is ó Éirinn breis is 80 den 100 luanla óir ar a laghad a aimsíodh in iarthar na hEorpa.
Discover more about the object >

9/100

Potaí Adhlactha
Cré-Umhaoise

1900-1300RC
  • Am éigin sa Chré-Umhaois Luath, thosaigh na hÉireannaigh ag adhlacadh a marbh in uaigheanna aonair. Ní hamháin go ndéantaí na mairbh a adhlacadh ina n-aonar, ach is amhlaidh go raibh dearcadh tagtha i dtreis freisin go mairfeadh siad beo i bhfoirm éigin eile.
  • Tá na potaí seo ar an iliomad ‘soithí bia’ atá tagtha slán chugainn ón tréimhse sin, cuid acu i gcruth vása agus cuid eile acu i gcruth babhla.
  • Samhlaítear dúinne gurb iad na hadhlacthaí is tochtmhaire díobh seo ná na cinn ina bhfuil an duine marbh ina luí ar a thaobh agus a ghlúine cúbtha chuige aige. Tugann seo le fios dúinn go raibh lucht na Cré-Umhaoise ag breathnú go géar ar an gcorp daonna: bhí a fhios acu cén cruth a bhí ag an bpáiste sa bhroinn.
Discover more about the object >

10/100

Toirc na
Teamhrach

c.1200RC
  • Is é ‘aurum’ an focal Laidine ar ór, agus ciallaíonn sé ‘lonrú éirí na gréine’.
  • Is féidir ór a leá agus a úsáid arís is arís eile. Mórchuid den ór a fionnadh riamh (thart ar 80% de), tá sé fós á úsáid inniu.
  • Creideann eolaithe gurb ón spás amuigh a tháinig tromlach an óir ar domhan! Dar leo, bhuail dreigí de thuairt faoin talamh na milliúin de bhlianta ó shin, agus lear óir in éineacht leo.
Discover more about the object >

11/100

Taisce an
Mhúcháin Thuaidh

c.800RC
  • I mí an Mhárta 1854, i gcóngar Chora Chaitlín, thángthas ar an taisce is mó réad óir Cré-Umhaoise dá bhfionnadh riamh in Iarthar ná i dTuaisceart na hEorpa.
  • Bhí neart codanna den taisce leáite, ach de réir na fianaise, is amhlaidh a bhí 138 bráisléad ann, chomh maith le sé mhuince, dhá thorc b’fhéidir, agus ceithre phíosa eile: 150 réad, iad uile déanta as ór.
  • Bhí dún cnoic mór feiceálach sa Mhúchán, ina raibh trí rampar cloiche ollmhóra, iad comhlárnach a bheag nó a mhór, ina gcrios thart timpeall ar 12 heicteár nó mar sin, agus radharc fairsing anuas ar Inbhear na Sionainne ó na rampair.
Discover more about the object >

12/100

Scornán Óir
Ghleann Insín

c.800-700RC
  • Na marcanna atá á rianú tríd na hiomairí ar thaobh deas na muince óir dallraithí seo, tugann siad le fios gur lúbadh í ina dá chuid nach mór, agus gur caitheadh isteach í ansin i scoilteán carraige i mBoirinn i gCo. an Chláir.
  • Is éacht teicniúil agus ealaíonta é scornán Ghleann Insín, a cruthaíodh le linn bhuaicphointe oibríochtaí óir Eoraip na tréimhse sin. Cuireadh réimse teicnící i bhfeidhm chun é a dhéanamh: repoussé (nó cabhraíocht), cnagmhaisiú, ardú, stampáil, casadh agus fuáil.
  • Tá fianaise ann gur léiriú sóúil mín iad a leithéid seo de scornáin ar fhaisean comhaimseartha na hEorpa sa tréimhse sin.
Discover more about the object >

13/100

Coire Cré-Umha
Chaisleán na Deirge

700-600RC
  • Tá an coire, a aimsíodh i bportach i gCaisleán na Deirge, Co. Thír Eoghain, múnlaithe as bandaí miotail leatháin, agus iad fáiscthe ag sraitheanna de sheamanna cónúla; ní hamháin go raibh tábhacht shóisialta leis ach bhí tábhacht dheasghnách leis freisin.
  • Tá seans ann gur baineadh leas as mar chuid lárnach de shearmanais éilíte, inar bhain an rí feidhm as a chumhacht ar bhunús an chumais a bhí aige, bia is deoch a roinnt.
  • Is soiléir, áfach, gur bhain an cleachtas úsáid a bhaint as fearas cré-umha le haghaidh féastaí le faisean éilíte Cré-Umhaoise a bhí forleathan i lár agus in iarthar na hEorpa.
Discover more about the object >

14/100

Ceann Sleá
Iarainn

800-675RC
  • Rinneadh dátú carbóin ar iarsmaí a chrainn adhmaid le deireanas, a thug le fios go bhféadfadh sé a bheith 1,000 bliain níos sine.
  • De réir dealraimh, is iad muintir Hallstatt a bhí freagrach as oibríochtaí iarainn a scaipeadh i dtreo an iarthair.
  • Ar bhunús na dtástálacha radacarbóin, is féidir an crann fuinseoige a dhátú idir 811 agus 673 RCh.
Discover more about the object >

15/100

Bád Bhrú
Íochtair

c.100RC
  • Is amhlaidh atá Bád Bhrú Íochtair ina mhúnla cruinn de shoitheach aigéin, déanta as adhmad b’fhéidir, ach a d’fhéadfadh a bheith déanta as craiceann ainmhí. Nuair a tógadh é, bhí naoi mbinse ar an mbád do na hiomróirí agus ocht rámh déag a raibh roillicí orthu, rámh fada ag an deireadh le haghaidh stiúradh, trí gheá ghabhlacha, graiplín nó ancaire, agus crann.
  • Bhí Bád Bhrú Íochtar i dtaisce réad óir a dtángthas uirthi i láthair a bhí ina riasc goirt tráth, ar chladach Loch Feabhail i mBrú Íochtar, Co. Dhoire.
  • Cé is moite d’iontas Bhád Bhrú Íochtar féin, an rud is suntasaí ná gurbh earraí iompórtáilte iad na réada óir a aimsíodh ina theannta, lena n-áirítear dhá shlabhra muiníl ó Réigiún na Meánmhara Thoir, an Éigipt Rómhánach b’fhéidir.
Discover more about the object >

16/100

Muince Dhóide,
Fear Chruacháin

362-175RC
  • Tá muince dhóide chré-umha ar láimh Sheanfhear Chruacháin, é stánaithe agus déanta as leathar, a bhfuil fáiscíní miotail uirthi mar léiriú ar an ngrian, agus í maisithe i stíl ghalánta mhór-roinn na hEorpa.
  • Roimh a bhás, tugadh béile deasghnách bainne agus gráinne dó: níorbh é seo an aiste bia ardstádais feola ba ghnách leis, i bhfianaise anailísiú a chuid ingne, ach ceann a bhí ceaptha a bheith ina shiombail ar thorthúlacht an domhain.
  • Ba scéiniúil foréigneach bás Sheanfhear Cruacháin. Sádh sa chliabh agus buaileadh sa mhuineál é, baineadh an cloigeann de agus gearradh ina dhá leath é (níor aimsíodh ach a chabhail agus a lámha).
Discover more about the object >

17/100

Trumpa Loch na Séad

c.100BC
  • Ba in Eamhain Macha i gCo. Ard Mhacha a aimsíodh Trumpa Loch na Séad.
  • Is é Loch na Séad an t-ainm Gaeilge ar 'Lake of the Treasures'.
  • Is cosúil Trumpa Loch na Séad le leagan dá ngairtear ‘The Dying Gaul’ (An Gallach ar Tí Báis), a cruthaíodh chun na Rómhánaigh a sceimhliú ina mbeatha.
Discover more about the object >

18/100

Babhla Cheis Charraigín

tús na chéad aoise AD
  • Thángthas ar Bhabhla Cheis Charraigín i dtús báire i gcraobh-abhainn de chuid na Sionainne i gCo. Liatroma.
  • Meastar gur úsáideadh Babhla Cheis Charraigín le linn babhtaí ólacháin a raibh feidhm dheasghnách shóisialta leo.
  • Tá samplaí de Bhabhla Cheis Charraigín le fáil in Devon, i gCorn na Breataine, agus sa Bhriotáin.
Discover more about the object >

19/100

Ceann Chorr Leice

an chéad aois nó an dara haois AD
  • Aimsíodh an Ceann Chorr Leice sa bhliain 1855 gar do Chnoc Chorr Leice i mbaile fearainn Dhroim Éag i gCo. an Chabháin.
  • Ba é Cnoc Chorr Leice láthair na Féile Lughnasa a bhíodh ar siúl ar an gcéad Domhnach de mhí Lúnasa.
  • Táthar den tuairim go léiríonn Ceann Chorr Leice ‘Dia uilefheasach’ a bhfuil ar a chumas gnéithe uile na fírinne a fheiceáil.
Discover more about the object >

20/100

‘Coróin’ Petrie

an dara haois AD
  • Is éard atá sa 'Choróin' ná leathán cré-umha a bhfuil péire dioscaí feistithe chun tosaigh uirthi, agus iad maisithe go breá.
  • Tá dhá shampla de ‘cheannbhearta’ adhairce ar taispeáint i Músaem Poiblí Chorcaí.
  • Ceaptar nach bhfuil ach Coróin Petrie amháin tagtha slán chugainn.
Discover more about the object >

22/100

Faoistin Naomh Pádraig

c. AD 460-90
  • Níorbh é Naomh Pádraig an chéad mhisinéir in Éirinn. Ba é Palladius, arbh as Auxerre na Fraince é ceaptar, a cuireadh anonn sa bhliain 431 mar an chéad easpag chuig ‘na hÉireannaigh a chreid i gCríost’—pobal seanbhunaithe de Críostaithe Éireannacha.
  • Ba é Naomh Pádraig a bhunaigh an Chríostaíocht in Éirinn.
  • An chóip is luaithe de Confessio Naomh Pádraig, tá sí ar taispeáint i Leabhar Ard Mhacha taobh le Leabhar Cheanannais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Discover more about the object >

23/100

Cloch Mhullach
Maistean

AD500-600
  • Aimsíodh Cloch Mhullach Maistean nuair a bhí caisleán ag Cnoc Mhullach Maistean á leagan lena athúsáid mar lindéar.
  • Na snoiteáin bhíseacha a aithníodh ar an gcloch, arb ionann stíl dóibh agus na snoiteáin a bhíodh ar dhealga éadaigh agus bróistí na tréimhse, ceaptar go ndéanann siad an chloch a dhátú sa séú haois AD.
  • Meastar gur léiriú í Cloch Mhullach Maistean ar dheasghnáth Ceilteach a mhaireann fós - 'An Claíomh sa Chloch'.
Discover more about the object >

24/100

Clog Phádraig
Naofa

c. seachtú haois
  • Is iad Muintir Mhaolchalann atá ina 'gcoimeádaithe an chloig' ó na meánaoiseanna i leith.
  • Bhí clú agus cáil ar Chlog Phádraig Naofa as a shimplíocht, agus tá sé déanta as dhá phíosa leatháin iarainn thiubh, agus brat cré-umhaí orthu.
  • Tá Clog Phádraig Naofa níos lú ná seacht n-orlach ar airde.
Discover more about the object >

25/100

Táibléid Chéarach Dhroim an tSeagail

deireadh an 6ú hAois
  • Sa bhliain 1913, tháinig fear a bhí ag baint móna i nDroim an tSeagail i mBaile Shudarlan i gCo. Aontroma ar shraith sé tháibléad iúir, agus iad fáiscthe le chéile le strapaí leathair.
  • Tá an chuid istigh de na táibléid tollta amach ar an dá thaobh, sa chaoi gur leathanaigh leabhair bhig adhmaid atá le feiceáil.
  • Tá na dromchlaí inmheánacha seo líonta le céir, ar ghrean duine éigin téacs ón mBíobla uirthi le stíleas géarbhiorach.
Discover more about the object >

26/100

Dealg Bhaile an Doire

c. 600 AD
  • Aimsíodh Dealg Bhaile an Doire sna 1930aidí i gcrannóg (áit chónaithe locha) ar an taobh theas de Loch Bhaile an Doire i gCo. Uíbh Fhailí.
  • Tá an Dealg míolchruthach (i gcruth ainmhí) agus neasfháinneach (tá bearna san fháinne); seo ar stíl a tháinig ar an bhfód sa Bhreatain Rómhánach ach a raibh an-tóir uirthi in Éirinn idir an cúigiú is an seachtú haois.
  • Baineann íomhá bhunúsach na deilge leis an tréimhse réamh-Chríostaí: is siombail na síoraíochta agus na hathghiniúna í an nathair dhécheannach a bhfuil ga á chur aici ina heireaball féin.
Discover more about the object >

27/100

Murlán Dhún Uabhair

700-720
  • Thángthas ar an murlán seo ar bhruach abhann i nDún Uabhair i gCo. na Mí sa bhliain 1984, agus meastar gur hanla dorais eaglaise a bhí ann i dtosach báire.
  • Tá trí phíosa i Murlán Dhún Uabhair: pláta ciorclach cré-umha stánaithe, agus é greanta go galánta, cloigeann leoin iontach cruthaithe as múnla céarach b’fhéidir, agus fráma a teilgeadh i múnla dhá phíosa, de réir cosúlachtaí.
  • Tá gloine dhonn inleagtha i gcloigeann an leoin (le cuma ómra a chur in iúl), agus is ó thraidisiúin Rómhánacha a díorthaíodh seo (baineadh leas as íomhánna den chineál céanna i dteampaill na Róimhe).
Discover more about the object >

29/100

Dealg ‘na Teamhrach’

an t-ochtú haois
  • I ndeireadh an naoú haois déag, ba bharrshamhail chic Ceilteach é dealg ‘na Teamhrach’, agus bhí an-tóir ar chóipeanna di.
  • Bhí móreagraíocht náisiúnach amháin, Inghinidhe na hÉireann (Daughters of Ireland), a raibh Maud Gonne ina ceannaire uirthi, a ghlac an dealg mar shuaitheantas ballraíochta.
  • Cé gur cruthaíodh don chéad uair í breis is míle bliain níos luaithe, glacadh mar shiombail d’athbheochan chultúr na hÉireann í mar gur freagairt choscrach a bhí inti do na teoiricí Victeoireacha a bhí forleathan maidir le lagintinneacht chiniúil na nÉireannach.
Discover more about the object >

30/100

Cailís Ardach

an t-ochtú haois
  • Aimsíodh an Chailís sa bhliain 1868 faoi leac chloiche i lios sa Riaráiste, gar d’Ardach, Co. Luimnigh.
  • Tá an Chailís seo, mar aon le Cailís Dhoire na bhFlann, ar an stábh liotúirgeach is breátha ón ré Luath-Chríostaí.
  • An rud is ábhar iontais, ámh, ná an méid píosaí atá cuimsithe sa chailís: breis is 350.
Discover more about the object >

31/100

Paiteana Dhoire na bhFlann

deireadh an ochtú haois/tús an naoú haois
  • Seo an réad is dochreidte ón taisce stábh liotúirgeach a fionnadh i láthair ársa eaglaise, Doire na bhFlann, i gCo. Thiobraid Árann sa bhliain 1980.
  • Is mias mhór airgid é an paiteana, tuairim is 37 cm ar trastomhas, agus tá seans gurb ann a coimeádadh an abhlann bheannaithe le linn an Aifrinn.
  • Is léir in íomhánna an phaiteana tagairtí siombalacha don slánú, don Eocairist, don bhaisteadh agus do bheithígh ó Leabhar Gheineasas agus na sailm.
Discover more about the object >

28/100

Leabhar Cheanannais

c. 800 AD
  • Ceaptar gur cruthaíodh Leabhar Cheanannais ar Oileán Í, amach ó chósta thiar na hAlban.
  • Ba ghá craiceann 185 lao chun a leathanaigh veillim a dhéanamh.
  • Is mó i bhfad an réimse ábhair datha a úsáideadh le haghaidh a dhathanna—óirpimint, flanndearg, glasar, geirnín agus folium b’fhéidir—ná i gcás leabhair eile ón tréimhse sin.
Discover more about the object >