READ MORE
Muince Dhóide,
Fear Chruacháin
362-175RC
Tugann an éide dhrilseach a mhaireann fós ón seanam in Éirinn le fios go raibh gradam mór, de chineál fisiciúil agus de chineál spioradálta araon, ag na rialtóirí. Faoin Iarnaois Luath, ar a laghad, áfach, bhí dianchoinníollacha ag gabháil le cumhacht. Bhí socrú soiléir brúidiúil ann don rialtóir: torthaí maithe a bhaint amach nó bás agus íobairt deasghnatha a bheith i ndán dó. Mura mbeadh an rí in ann síocháin agus rathúnas a ráthú, cuireadh ar ais chuig an talamh inar pósadh de réir deasghnátha é.
Sa bhliain 2003, go gairid tar éis teacht ar chorpan Cré-Umhaoise i bportach i gCluain Uí Chaomháin, Co. na Mí, thángthas ar cheann eile ag Cnoc Chruacháin i gCruachán, Co. Uíbh Fhailí. Mar thoradh ar scrúdú cúramach ar an dá chorpán, bhí comharthaí ard-stádais ar an dá cheann acu. Tá glóthach allmhairithe ann i ngruaig Fhear Chluain Uí Chaomháin. Tá muince dhóide leathair agus cré-umha stánaithe ar lámh Fhear Chruacháin, agus tá clibeanna miotail stampáilte uirthi in ionannas don ghrian agus í maisithe sa stíl fhaiseanta mhór-roinne. Níl aon chomhartha ann go ndearna sé obair láimhe, rud a thugann le fios go raibh stádas speisialta nó uasaicmeach aige.
Is teist iad an chuid is mó corpán portaigh do cháilíochtaí caomhnaithe phortaigh na hÉireann agus soláthraíonn siad faisnéis thábhachtach faoi éadaí, etc. Is minic a bhíonn éadaí ar na corpáin seo agus bíonn bás taismeach nó adhlacadh fanach gceist leo; baineann an chuid is mó acu leis an tréimhse mheánaoiseach nó le tréimhse níos déanaí ná sin. I gcás líon an-bheag de na corpáin phortaigh, is íobairtí Iarnaoise iad agus fir nochta nó leathnochta atá i gceist leo, rud a thugann fianaise lom ar dheasghnátha aisteacha. Is cosúil gur ‘maraíodh’ na corpain phortaigh seo trí huaire: trí thachtadh, trí shá agus trí bhá. Is cuma cén deasghnáth a bhí ann, bhí foréigean scéiniúil ag baint le bás Fhear Chruacháin. Bhí slata coill, ar iarsmaí urchaill iad b’fhéidir, snáithithe trí phoill in uachtar a lámh. Bhí sé sáite ina chliabhrach, bhí buille buailte ar a mhuinéal, bhí a cheann bainte de agus bhí sé gearrtha ina dhá leath. (Níor thángthas ar aon ní seachas a chabhail agus a lámha.) Ach ní raibh san fhoréigean ach sádachas simplí. Dar le hÉamonn Kelly, as Ard-Mhúsaem na hÉireann, ‘ní dhearnadh sin ar mhaithe le céasadh ná le gortú a dhéanamh. Marú triarach atá ann mar go bhfuil trí nádúr ag an mbandia a ndearnadh an íobairt di. Is í bandia na ceannasachta, na torthúlachta agus an chogaidh/bháis í. Dá bhrí sin, déantar íobairtí di sna foirmeacha go léir a bhaineann léi’.
Rud brónach is ea an chréacht ar láimh Fhear Chruacháin, is é sin, an lámh a d’ardaigh sé go nádúrtha chun é féin a chosaint ar an arm lenar sádh sa chliabhrach é. Sula bhfuair sé bás, tugadh béile dheasghnátha dó ina raibh bainne agus grán: níorbh é sin an bia ard-stádais feoil-bhunaithe a léiríodh trí anailís a rinneadh ar a ingne ach ba bhia é a bhí ann mar shiombail de thorthúlacht an domhain. Fear mór a bhí ann agus é beagnach sé throigh agus trí orlach ar airde. Is furasta a shamhlú gur curadh nó laoch a bhí ann. Bhí sé óg agus folláin agus, mar atá luaite cheana féin, ní léir go ndearna sé obair fhisiciúil. Tá an portach inar thángthas ar a chorp gar do bhun an chnoic ina ndeantaí ríthe Uí Failge a insealbhú.
D’fhéadfadh an cultúr sin lena ngabhann íobairt bhrúidiúil rud éigin a insint dúinn faoi mheon na haimsire sin. Sna céadta deiridh den tréimhse Roimh Chríost, d’éirigh Éire níos fuaire agus níos fliche. D’fhéadfadh sé go raibh bia níos teirce. Bhí gradam mór na ndaoine a bhí i réim nasctha i gcónaí lena n-éileamh gur leirigh siad tuairimí de chuid an tsaoil eile. Nuair a bhí drochshaol ann d’éirigh an t-éileamh sin marfach.