READ MORE
Babhla Cheis
Charraigín
tús na chéad aoise AD
Ní dhearna na Ceiltigh ionradh ar Éirinn. Ní hionann sin agus a rá, áfach, nár tháinig an t-oileán faoi anáil an tsuaite san Eoraip i rith ré na gCeilteach ar ionradh eile ba chúis leis: is é sin le rá, leathadh Impireacht na Róimhe isteach sa Ghaill agus sa Bhreatain.
Sna blianta tar éis 60RC, bhrúigh an Róimh a cuid teorainneacha ó thuaidh tríd an nGaill (an Fhrainc sa lá atá inniu ann, a bheag nó a mhór) chuig an Réin agus siar chuig an Atlantach. Sa bhliain 43RC, chuir an tImpire Claudius tús le hionradh lánscála trínar cruthaíodh réigiún Rómhánach na Breataine. Tharla gabháil na Breataine go mall agus go foréigneach agus is cinnte go ndeachaigh an suaitheadh sin i bhfeidhm ar Éirinn. Fuarthas an babhla beag cré-umha seo i gcraobhabhainn de chuid na Sionainne i gCo. Liatroma agus is le deil líomhacháin a cuireadh an bhailchríoch shnasta fhíneáilte air. Is é atá sa tsaintréith ghlórmhar a bhaineann leis, áfach, ná an chluas iontach atá air agus í teilgthe i bhfoirm ceann éin ar a bhfuil muinéal fada cuarach, gob iompaithe agus súile móra stánaithe a raibh gloine nó miotal inleagtha iontu tráth. Is dócha gur leagan stílithe de lacha atá ann. I luathchultúr na hÉireann, tá gné láidir osnádúrtha ag baint le héin agus is ionann iad agus teachtairí ón saol eile nó is ionann iad agus idirghabhálaithe idir na déithe agus daoine. Dá bhrí sin, is dócha gur úsáideadh an babhla le linn babhtaí ólacháin a raibh feidhm deasghnátha ag baint leo, chomh maith le feidhm shóisialta: is eol dúinn go raibh searmanas ólacháin ina chuid d’insealbhuithe ríoga.
Tá babhla Cheis Charraigín cosúil le samplaí cré-umha a fuarthas in Devon agus i gCorn na Breataine, agus sa Bhriotáin. Mar léiriú eile ar naisc Atlantacha, is dócha gur chóipeáil potairí Armaracha soithí comhchosúla potaireachta; mar shampla, tá babhla, agus ceann capaill air, ann as Hennebont, in Côtes d’Armor. D’fhéadfadh sé go ndearnadh babhla Cheis Charraigín in Éirinn (fuarthas taisce ina bhfuil réada comhchosúla gar do Bhéal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe) ach rinneadh é trí úsáid a bhaint as fréamhshamhlacha Briotanacha. Gan mórán dabht, léiríonn sé go raibh gluaiseacht daoine isteach in Éirinn ag tarlú. Tháinig roinnt treibheanna Gallacha-Beilgeacha isteach sa Bhreatain mar dhídeanaithe a bhí ag teitheadh ó na Rómhánaigh agus ghlac siad ionad na ndaoine dúchasacha a bhí ann. Tharla na gluaiseachtaí daonra sin in Éirinn san aois roimh Bhreith Chríost agus san aois dá éis sin.
Tá naisc ann idir Iardheisceart Shasana agus Éire a théann siar na mílte blianta. Baineadh úsáid as stán Chorn na Breataine chun cré-umha Éireannach a dhéanamh. Ní hionadh ar bith é go spreagfadh teagmháil fhairsing trádála gluaiseacht daoine le linn tréimhsí struis. Tá babhla atá cosúil leis an gceann seo agus a fuarthas i mBaile Fhobhair, Co. na hIarmhí, bainteach le rud a dhealraíonn a bheith ina adhlacadh de chineál Gallach-Briotanach agus, b’fhéidir, le bád Rómhánach freisin. Teicníocht nua in Éirinn is ea an teicníocht a ghabhann leis an mbailchríoch a cuireadh ar bhabhla Cheis Charraigín le deil cé gur éirigh an teicníocht sin an-choitianta in ealaín na hÉireann ina dhiaidh sin, lena n-áirítear i gcailísí Ardach agus Dhoire na bhFlann. Tá reilig ann ar Reachrainn, Co. Bhaile Átha Cliath, ar reilig í a bhaineann le tréimhse rud beag níos déanaí ná babhla Cheis Charraigín, b’fhéidir, agus tá iarsmaí daoine as tuaisceart na Breataine ann, ar daoine saibhre de chuid threibh na Brigantes iad, b’fhéidir, agus ar cuireadh a réabhlóid in aghaidh na Rómhánach faoi chois sa bhliain AD 74. Bhí leathnú Impireacht na Róimhe faoi lánseol i lár na hEorpa an tráth sin. Ní fhéadfadh Éire éalú ó iarmhairtí an leathnaithe sin.