READ MORE
Fáinní Cluaise i
bhfoirm Ciseáin
c.2300RC
Rinneadh fear a bhí sna tríochaidí déanacha nó sna daicheadaí luatha a adhlacadh ina aonar in Amesbury, gar do mhór-shéadchomhartha Stonehenge i Sasana, am éigin thart ar an tréimhse 2400-2200 RC.
Mar gheall ar an raon ollmhór réad a bhí ann ina uaigh, is léir go raibh ardstádas aige. Bhí na réada sin comhchosúil le nithe a bhaineann leis an tréimhse chéanna agus ar thángthas orthu in Éirinn: cinn saighde de chineál deilgneach agus luisige, cumhdach rosta cloiche, potaí ar déanamh eascra. Bhí fáinní cluaise óir nó ornáidí gruaige, ar déanamh ciseáin, á gcaitheamh aige fiú amháin. Tá péire fáinní cluaise atá an-chosúil leo sin i seilbh Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath, agus tá pictiúr díobh le feiceáil anseo. In Amesbury, thángthas ar an úinéir agus ar na réada in éineacht lena chéile, rud a thugann i bhfad níos mó faisnéise dúinn ná mar a thugann déantáin ar thángthas orthu ina n-aonar in Éirinn agus, cé nach mór dúinn a bheith cúramach faoin mbrí a bhainimid astu sin, is dócha go bhfuil an fhaisnéis a fhaighimid ó Amesbury fíor i gcás na hÉireann freisin. Is é atá sa ghné is suntasaí d’fhear Amesbury, i dtaca le tuiscint a fháil ar réamhstair na hÉireann, ná an áit arbh as dó agus go léiríonn an copar agus na sceana agus na huirlisí eile a bhí ann san uaigh gurbh oibrí miotail a bhí ann.
Trí staidéar a dhéanamh ar na hiseatóip ina chuid fiacla, tá sé cruthaithe ag eolaithe gur fhás ‘Boghdóir Amesbury’ aníos i réigiún Alpach i ndeisceart na Gearmáine nó san Éilvéis, áit a raibh eolas ar mhianadóireacht agus ar úsáid copair le fada an lá. De réir na fianaise atá le fáil ó chuid de na hearraí a bhí ann san uaigh, maíonn Andrew Fitzpatrick, Ceann Cumarsáide in Wessex Archaeology in Salisbury, gur dócha go ndearna an boghdóir a bhealach go Sasana trí dheisceart na Fraince, trí leithinis na hIbéire agus thar an Atlantach. Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach ó thaobh na hÉireann de? Soláthraíonn Boghdóir Amesbury fianaise ríthábhachtach faoin bhforbairt ba mhó a bhí ann tar éis theacht chun cinn na talmhaíochta: mianadóireacht agus múnlú miotal.
Ní ábhar díospóide é go bhfuil teacht chun cinn na miotalóireachta in Éirinn thart ar an mbliain 2400 RC nasctha le cleachtais nua cultúir ar saintréith díobh na cineálacha réad ar thángthas orthu in uaigh an bhoghdóra agus an cleachtas ar dá réir a adhlacadh daoine ina n-aonar seachas iad a adhlacadh in uaigh chomhchoiteann. Rud nach bhfuil soiléir, áfach, ná an freagra ar cheist a chuireann Mary Cahill, as Ard-Mhúsaem na hÉireann, is é sin le rá, ar thug daoine imirceacha a raibh foinsí nua miotal á lorg acu na cleachtais sin leo nó an cleachtais iad a tugadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin in Éirinn. Ach, dar léi, ós rud é nár rugadh Fear Amesbury i ndeisceart na Breataine agus gur thaistil sé an bealach ar fad ó lár na hEorpa, is léir go raibh gluaiseacht daoine i gceist. Tá a fhios againn gur dócha, faoin mbliain 2400 RC, gurbh é Oileán an Rois, i gceantar lochanna Chill Airne, ar an mianach copair ba thábhachtaí dá raibh ann in iarthuaisceart na hEorpa. Dá bhrí sin, léiríonn an chéad fhianaise ar mhiotalóireacht in Éirinn go raibh forbairt measartha mór déanta cheana féin i réimse na miotalóireachta. Ní dócha gur tháinig an oilteacht sin chun cinn go spontáineach. De réir an Uasail Fitzpatrick, ní mór gur daoine a bhí eolach ar an réimse sin a d’fhorbair Oileán an Rois. Dar leis, ní féidir an t-eolas sin a shealbhú ar an toirt. Bhí athrú mór cultúir ar siúl in Éirinn agus baint aige le mianadóireacht copair agus óir.