READ MORE
Bád Bhrú
Íochtair
c.100RC
Is sampla tearc de chuid ealaín luath na hÉireann é an bád mionsamhla aoibhinn óir seo atá rud beag faoi bhun 20cm ar fad ach a bhfuil mionsonraí saibhre ann: léiriú réadúil ar fhíor-réad. Is léir gur mionsamhail bheacht í de shoitheach farraige atá déanta as adhmad, is dócha, ach a d’fhéadffadh a bheith déanta as seithe. I dtosach báire, bhí naoi mbinse ann sa bhád do na rámhaithe mar aon le ocht rámh déag maille le leapacha iomartha, rámh fada ar mhaithe le stiúradh ag an deireadh, trí gheá ghabhlacha, croch thógála nó graiplín agus crann.
D’fhéadfadh sé gurbh é seo an cineál báid ina ndearna muintir na hÉireann trádáil leis an mBreatain agus le hiarthar na hEorpa agus inar tugadh ar ais ní amháin earraí ach, chomh maith leis sin, smaointe, teicneolaíochtaí agus faisin.Ach ní hionann cuma réadúil an bháid agus a rá nach raibh brí shiombaileach aige freisin. Ba chuid de thaisce réad óir é ar thángthas air in áit ina raibh riasc goirt tráth ar chladach Loch Feabhail, i mBrú Íochtair, Co. Dhoire. D’fhéadfadh sé gurbh é a bhí sa taisce ná ofráil mhóideach do dhia na mara, is é sin, Manannán Mac Lir. De réir mar is fíor sa lá atá inniu ann, níorbh fhéidir neart na farraige a thuar. Ba é Manannán, a rialaigh a ríocht sa saol eile agus a bhí in ann taisteal amach thar na tonnta ina charbad, an sármhairnéalach agus é beag beann ar shuaiteacht mharfach na farraige. Tá sé furasta a thuiscint cén fáth go lorgódh daoine a chuaigh chun farraige i mbáid oscailte den chineál seo a chabhair agus a chosaint. Ar leith ó aoibhneas an bháid é féin, is é atá suntasach faoi ná gur allmhairí den chuid is mó a bhí sna réada óir ar thángthas orthu in éineacht leis, lena n-áirítear dhá shlabhra muince a tháinig ón Meánmhuir thoir, ó Éigipt na Rómhánach b’fhéidir.
Ba mhórtháirgeoir saothar óir í Éire roimhe seo in iarthar na hEorpa ach tá an t-ór á thabhairt isteach aici ó áiteanna eile anois. Cad a bhí tar éis tarlú do na daoine a raibh an oiread sin saibhris acu tráth i dtaca le cré-umha agus ór de? An bhfuil a n-ionad glactha ag daoine a úsáideann an miotal nua, is é sin, an t-iarann? Míniú amháin is ea gurb ionann an t-athrú ó chré-umha agus ó ór go dtí iarann agus fianaise ar athrú sa chumhacht sa tsochaí. Tosaíonn daoine a bhaineann le leibhéal níos ísle sa scála sóisialta ag úsáid iarainn atá níos saoire agus, sa dóigh sin, tugann siad dúshlán na scothaicmí atá i gceannas ar an tionscal cré-umha. Is rud spéisiúil é gurbh é a bhí i gcuid mhór de na réada luatha iarainn in Éirinn ná uirlisí praiticiúla oibre, go háirithe tuanna. Mar atá ráite ag an seandálaí darb ainm John Waddell, ‘d’fhéadfadh sé gurbh iad na gearrthóirí adhmaid, seachas úsáideoirí claimhte, a thairbhigh ó theicneolaíocht nua an iarainn’. D’fhéadfadh sé go raibh sé sin ar cheann de na cúiseanna go dtagann meath, tar éis na bliana 700RC, ar réada óir agus cré-umha a bheith á gcur sa talamh mar ofrálacha do na déithe.
Is cuma cé na hathruithe cumhachta a bhí ag tarlú laistigh d’Éirinn, tugann áille bhád Bhrú Íochtar agus an cúram a bhaineann lena chruthú le fios go raibh an trádáil leis an domhan lasmuigh dá teorainneacha i measc na gcúiseanna le hathrú.