READ MORE
Potaí Adhlactha
Cré-Umhaoise
1900-1300RC
Am éigin sa Chré-Umhaois Luath, thosaigh muintir na hÉireann ag adhlacadh na marbh in uaigheanna aonair. Tugann sé sin léiriú ar a ndearcadh i leith an bháis agus, rud níos tábhachtaí fós b’fhéidir, tugann sé leide maidir lena ndearcadh i leith an tsaoil. Tá barúil ag teacht chun cinn a léiríonn nach é saol an phobail nó saol ceannairí polaitíochta nó reiligiúin amháin atá suntasach. Tá saol an duine aonair tábhachtach freisin. Ní amháin go raibh na mairbh á n-adhlacadh in uaigheanna aonair ach tá méadú ag teacht ar an tuairim go leanann na mairbh ar aghaidh tar éis an bháis i bhfoirm éigin eile.
Dar le hÉamonn Kelly, as Ard-Mhúsaem na hÉireann, is léir gur tharla athrú ón gcur chuige comhchoiteann a bhí i gceist leis na mórthuamaí meigiliteacha go dtí cur chuige de chineál níos indibhidiúla. Dar leis, tugann sé sin le fios gur tharla athrú de chineál éigin ar an tslí ina raibh an tsochaí eagraithe.
Tá na potaí seo i measc an iliomad ‘soithí bia’ de chuid na tréimhse seo atá ar marthain fós; tá cuid acu vása-chruthach agus tá cuid acu babhla-chruthach. Tá an maisiúchán teibí geoiméadrach a fhaightear ar bhabhlaí de chuid na ré sin an-chosúil leis an maisiúchán a fheictear ar shaothair mhiotalóireachta Éireannacha de chuid na ré céanna, go háirithe ar na luanlaí óir. Tá réalta-phátrún ann ar bhun cuid de na potaí seo agus d’fhéadfadh sé sin a bheith bainteach le cultas gréine.
Rinneadh na soithí d’aon turas chun iad a dhó in éineacht leis na mairbh. De ghnáth, ní bhíonn na huaigheanna ach sách mór chun an corpán agus na potaí tionlacain a choinneáil iontu. Mar gheall ar an rogha leathan cineálacha adhlactha a bhí ann, de réir dealraimh, is treise an tuairim go raibh aird níos mó á tabhairt ar an duine aonair. Is cosúil nach raibh daoine áirithe den phobal á n-adhlacadh ar mhodh foirmiúil ar chor ar bith. Iad siúd a bhí á n-adhlacadh go foirmiúil, bhí deasghnátha éagsúla adhlactha de chineál urghnách agus athraitheach ann ina leith: bhí créamadh, adhlacadh gan dó, taisí dí-altacha, il-adhlacadh, poill adhlactha, uaigheanna ciste, uaigheanna cothroma agus uaigheanna i ndumhaí nó faoi dhumhaí ann thar na cúig chéad, nó thar na sé chéad, bliain roimh 1500RC. Ina dhiaidh sin, tá adhlacadh tearc sa Chré-Umhaois.
De réir mheon an lae inniu, is iad na cineálacha adhlactha is mothúchánaí na cinn sin inar síneadh an duine marbh mar a bheadh féatas ann. Cén fáth gur cóiríodh na mairbh amhail is dá raibh cuachta istigh sa bhroinn? Is ionann an freagra simplí agus meafar álainn: is broinn í an tuama. Tá na mairbh le hathbheochan i saol eile. Tá na deochanna agus an bia atá ann sa soitheach ceaptha chun iad a chothú ar an mbealach ó staid amháin go dtí an staid eile. Is ionann sin is a rá go raibh na daoine de chuid na Cré-Umhaoise ag féachaint go cúramach ar an gcorp daonna: bhí siad eolach ar chruth an linbh sa bhroinn; agus go raibh an cumas sin chun breathnú a dhéanamh ar an daonnacht ann in éineacht le fonn chun í a tharchéimniú.