READ MORE
Cailís
Ardach
an t-ochtú haois
Aimsíodh í sa bhliain 1868 faoi leac i lios sa Riaráiste, gar d’Ardach, Co. Luimnigh, agus bhí dara cailís, de chineál níos pléineáilte agus í déanta as cré-umha, agus ceithre dhealg d’airgead óraithe ann in éineacht léi. Tá an chailís seo, agus cailís Dhoire na bhFlann, i measc na soithí liotúirgeacha is breátha de chuid ré na Luathchríostaíochta. Baineann a háilleacht leis an gcodarsnacht idir loinnir phléineáilte an airgid shnasta agus castacht na hornáidíochta: fíolagrán óir d’éin agus de bheithígh stílithe; crosfhí lena ngabhann teicníochtaí fíolagráin agus teicníochtaí eile; stodaí mionsaothraithe gloine deirge, goirme agus buí (a bhfuil cuid acu ildathach nó a bhfuil fíolagrán ar a mbarr); agus litreoireacht atá greanta go hálainn ina litrítear ainmneacha na nAspal, ach ainm Phóil ann in ionad ainm Iúdáis. Dála cuid mhór nithe de chuid na tréimhse iontaí seo, léiríonn an chailís cultúr atá idirnáisiúnta agus oileánach ag an am céanna.
‘Is é atá sa mhúnla’, arsa Raghnall Ó Floinn as Ard-Mhúsaem na hÉireann ‘ná earra boird de chuid na Tréimhse Déanaí Rómhánaí, is é sin na céadta tosaigh AD. Is i gcomhthéacs soithí Biosántacha atá le fáil i mBaisleac Naomh Marcas sa Vín anois, seachas i gcomhthéacs Iarthar na hEorpa, atá macasamhla le fáil – ní amhlaidh atá mar go bhfuil tionchar díreach Oirthearach le feiceáil inti ach mar go bhfuil sinsear comhchoiteann Rómhánach acu’. Ach tá gné dhúchasach Éireannach ag baint le cruth íseal leathan bhabhla dhá chluas na cailíse agus tá an ealaín ainmhíoch, mar aon le teibíocht thipiciúil a bhaineann léi, an-éagsúil leis an stíl léirithe Rómhánach atá níos réadúla.
Tá an grá Éireannach sin do chastacht le feiceáil gach áit ar chailís Ardach. Tá tábhacht mhór ag baint le huimhreacha sa dearadh: cuireann an dá stoda dhéag agus dhá phainéal déag an bhanda ag an mbarr na haspail i gcuimhne do dhuine. Ach is é atá sa rud neamhghnách ná an líon píosaí ar leith atá ann i gcomhdhéanamh na cailíse: tá os cionn 350 píosa ar leith ann. Léiríonn an scil agus an oilteacht lenar pléadh le nithe den sórt seo rud atá soiléir cé nach bhfuil sé le feiceáil go forleathan. Níl ach beagán eaglaisí ar marthain ón ré órga sin de chuid na Críostaíochta Éireannaí.
Níl na haireagail shimplí cloiche atá ar marthain fós cosúil ar chor ar bith leis na gnátheaglaisí comhaimseartha a bhí ann in Éirinn an tráth sin. Maireann cloch, tagann lobhadh ar adhmad – agus bhí an chuid is mó d’eaglaisí na hÉireann déanta as adhmad. I ndán atá ann sa bhailiúchán bríomhar manachúil dar teideal Hisperica Famina, tá cur síos le fáil ar ‘aireagal adhmaid … agus é déanta as bíomaí ar déanamh coinnle’ agus déantar tagairt ann don tslí ina ndéanfadh manaigh ‘daireacha diaga a bhaint le tuanna chun séipéil chearnógacha a dhéanamh’. Sa mheán-Ghaeilge, is é ‘dairthech’ an focal atá ann de ghnáth nuair atá eaglais i gceist.
Bhí na foirgnimh sin dronuilleogach agus is dócha go raibh cuma phléineáilte orthu. Dá bhrí sin, fiú amháin nuair a bhí réada reiligiúnacha de chineál iontach galánta á ndéanamh ag na hÉireannaigh, bhí siad á n-úsáid acu i spásanna measartha simplí. Ní féidir easpa scileanna saoirseachta cloiche a úsáid mar mhíniú ar an gclaonadh a bhí ann adhmad a úsáid chun eaglaisí a thógáil – tá fianaise ar na scileanna sin le fáil i gcrosa arda ilchasta cloiche na hÉireann. Míniú amháin a d’fhéadfadh a bheith ann, agus a dtugtar leide ina leith sa tagairt do ‘daracha diaga’, ná gur choinnigh Éire bá réamh-Chríostaí le diagantacht na gcrann.
D’fhéadfadh sé gurbh é ab éifeacht leis an traidisiúnachas sin ná cuma níos suntasaí fós a chur ar na réada seo a bhí ann in eaglaisí na hÉireann. Chuir údar an Hisperica Famina bailchríoch ar a chur síos trína rá go bhfuil ‘líon as cuimse réad ann sa séipéal ach ní bhacfaidh mé le cur síos a dhéanamh orthu leis an raon focal atá ar eolas agam’. Is deacair a shamhlú go raibh aon cheann de na réada seo níos mórthaibhsí ná cailís Ardach, is cuma cén líon ollmhór díobh a bhí ann.