READ MORE
Coire Cré-Umha
Chaisleán na Deirge
700-600RC
D’fhéadfadh sé nárbh í an Chríostaíocht an chéad reiligiún Meánmhara a tháinig go hÉirinn. Baineann an finscéal is cáiliúla de chuid na hÉireann, is é sin, Táin Bó Cuailnge, leis an gcoimhlint i leith urlámh a fháil ar tharbh draíochta. Dá bhrí sin, tugann sé le fios go raibh cultas tairbh ann sa Chré-Umhaois in Éirinn ar cultas é de thionscnamh na Mara Aeigéiche thoir na mílte bliain roimhe sin. Tá leaganacha den chultas sin le fáil i leithinis na hIbéire agus ní haon ionadh é go bhfuil macalla de le fáil i sochaí tógála eallaigh na hÉireann.
Thángthas ar an gcoire cré-umha seo i gCaisleán na Deirge, Co. Thír Eoghain, agus rinneadh é as bandaí taobhrianta cré-umha leatháin a choinnítear ina n-áit le sraitheanna seamanna cónúla. D’fhéadfaí glacadh leis nach bhfuil ann ach léiriú ar fhéile taoisigh le linn féasta a chur ar fáil dá lucht leanúna ach is cinnte, nach mór, go raibh gné dheasghnátha, chomh maith le gné shóisialta, ag baint leis. Tugann na scileanna teilgthe, buailte agus seamaithe a bhí ag teastáil lena dhéanamh, agus an cúram a glacadh nuair a bhí coirí den tsamhail chéanna á ndeisiú ó am go ham, le fios gur réad luachmhar a bhí ann agus gur réad é a raibh stádas an-speisialta aige. Is dócha gur úsáideadh é mar chuid lárnach de shearmanais thábhachtacha inarbh ionann cumas an rí áitiúil bia agus deochanna a pháirtiú agus a chumhacht a chur i bhfeidhm. Tá coirí den chineál seo ina gcuid bhunúsach de na seanscéalta faoi ‘coirí na flúirse’ a mhair ar feadh na mílte bliain san Eoraip.
Ach bhí an fhlúirse sin ag brath ar rí ‘cuí’ a bheith i réim. Tá Éamonn Kelly, as Ard-Mhúsaem na hÉireann, den tuairim go bhféadfadh baint a bheith ag an gcoire le deasghnáth roghnaithe rí nua ar cuid de tarbh a íobairt. Dar leis, is é an bealach is fearr chun tuiscint a fháil ar an gcoire ná féachaint air in éineacht le dhá chineál eile réad de chuid na tréimhse céanna, ar réada iad atá san áireamh sa taisce ollmhór ar thángthas air in Dowris, Co. Uíbh Fhailí: coirn chré-umha a dtagann ‘dordnóta atá cosúil le búireach tairbh’ astu nuair a shéidtear iad; agus tugtar ‘crotail’ orthu, is é sin, réada cré-umha piorra-chruthacha atá cosúil le gránáid láimhe ach d’fhéadfadh sé go raibh siad ceaptha chun bheith ina léiriú ar chadairne an tairbh. Ní féidir linn a bheith cinnte i dtaobh an raibh an coire ina chuid de chultas comhtháite tairbh ach tá sé réasúnach glacadh le coirí den sórt seo mar shealúchais uasaicmeacha a bhí le húsáid ó am go ham. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuiltear tar éis teacht ar an oiread sin díobh mar thaiscí aonair i bportaigh, d’fhéadfadh sé go raibh tábhacht speisialta deasghnátha acu.
Is é atá soiléir ná go mbaineann an cleachtas ar dá réir a úsáidtear trealamh cré-umha le haghaidh féastaí le nósmhaireacht fhorleathan i measc scothaicme de chuid na Cré-Umhaoise i lár na hEorpa agus in iarthar na hEorpa. Léiríonn dáileadh nithe luachmhara, amhail coirí, agus claimhte, sciatha, ornáidí pearsanta agus raoin déantán miotail eile go raibh idirghníomhaíocht thréan ann na codanna uasaicmeacha de phobail éagsúla Eorpacha agus léiríonn sé freisin an tslí inar thaistil faisin na scothaicmí ina measc. Níl sna nithe sin ach an léiriú is sofheicthe ar idirghaolmhaireachtaí nach mór gluaiseacht nithe nach raibh chomh marthanach céanna a bheith i gceist leo freisin. D’fhéadfadh sé go bhfuil an méid sin gníomhaíochta a bhí ann sa Chré-Umhaois Dhéanach, agus na teagmhálacha a lean as sin is dócha, ar cheann de na gnéithe a bhain le héablóid comhtheanga ‘Ceilteach’. Agus i gcás na scothaicmí go léir, léirigh an coire cineál dúbailte na ríogachta. Nascann sí cumhacht deasghnátha leis an bhfíoras is bunúsaí de chuid an tsaoil: an gá le bia a ithe. Mura féidir le rialtóir ráthaíocht a thabhairt i leith ceann amháin de na n ithe sin níl aon cheart aige nó aici an ceann eile a éileamh.