READ MORE
Ceann Chorr Leice
an chéad aois nó an dara haois AD
Go dtí deireadh an naoú haois déag, ba é Cnoc Chorr Leice, i mbaile fearainn Dhroim Éag, Co. an Chabháin, láthair fhéile Lughnasa a seoladh ar an gcéad Domhnach de mhí Lúnasa. Bhí Lughnasa ar cheann de na féilte móra ráithiúla de chuid sheanfhéilire na hÉireann agus, chomh maith leis sin, choinnigh sé cuimhní ar marthain ar dhia na gCeilteach, Lugh, ar cuimhní iad a bhí ann leis na mílte bliain. Mhair féile Lughnasa, atá á ceiliúradh fós in Éirinn sa lá atá inniu ann, trí lá agus cuireann sé sin idé an dé thrípháirtigh i gcuimhne do dhuine. (Déantar í a cheiliúradh anois ar an Domhnach is gaire don 1 Lúnasa agus is é atá san ócáid is mó a cheiliúrtar ná an oilithreacht bhliantúil go barr Chruach Phádraig i gCo. Mhaigh Eo.)
D’fhéadfadh gné dhiamhair a bheith ag baint leis an gceann cloiche seo a aimsíodh c. 1855 gar do Chnoc Chorr Leice. Is é atá ann ná píosa cruinn gaineamhchloiche 32 cm ar airde a bhfuil trí aghaidh atá comhchosúil lena chéile a bheag nó a mhór greanta air agus, maidir leis na haghaidheanna go léir, tá béil chúnga orthu, mar aon le súile meallacha agus dreach scoite dochloíte. Tugann poll beag i mbonn an chinn le fios go raibh sé daingnithe de sheastán de chineál éigin. Tá poll beag ciorclach ann ar cheann amháin de na béil agus is gné í sin a nascann an ceann seo le roinnt ceann greanta as Yorkshire. Cuireann an nasc leis an mBreatain Rómhánach i gcuimhne dúinn go raibh Éire, an tráth sin, buailte le domhan na Rómhánach. Fiú amháin má léiríonn Ceann Chorr Leice athrú nua ó thaobh chleachtadh an reiligiúin, cuireann sé leanúnachas iontach in iúl dúinn freisin.
Is minic a cheaptar gurb ionann an ceann agus ‘dia uilefheasach’ atá in ann féachaint ar gach gne den réadúlacht ach nascann na trí aghaidh sinn siar go dtí traidisiúin i bhfad níos sine a bhaineann leis an mbandia triarach. Tá ‘cumhacht an trí’ ina théama tábhachtach san ealaín Cheilteach agus tá léiriú le fáil air i siombail choitianta na triscéile: is é sin, trí bhís chomhghlasáilte. Baineann sé le cineál triarach na Mór-Ríona: flaitheas, torthúlacht agus bás; tá sé coitianta san ealaín Rómhánach-Bhriotanach freisin trí fhíoracha na Matronae, is é sin le rá, na trí mháthair shinsearacha a léiríonn neart, cumhacht agus torthúlacht. Maidir le Ceann Chorr Leice, nach léir a bheith fireannach nó baineannach agus ar féidir a mheas ina leith gur nasc é idir seanchultais Éireannacha agus nuachultais Rómhánacha-Bhriotanacha, tá sé bainteach leis na téamaí sin ar fad.
I gcomhthéacs Fhéile Lughnasa, d’fhéadfadh sé gur léiriú é ar an seandia Crom Dubh a bhí curtha ar feadh trí lá agus a cheann os cionn na talún le go bhféadfadh Lugh óg a ionad a ghlacadh go sealadach. Tugann Máire MacNéill le fios, ina saothar clasaiceach dar teideal The Festival og Lughnasa, go raibh nós ann ceann cloiche a thabhairt ó shanctóir in aice láimhe agus é a leagan ar bharr an chnoic ar feadh na féile. D’fhéadfadh sé gurb ionann an ceann agus é ag breathnú amach i dtreonna éagsúla agus … an ceann ag féachaint go fabhrach ar na ceapacha arbhair atá ag éirí aibí. Téann deann trí chorp duine nuair a chuimhnítear gur mhair an deasghnáth sin go dtí an tréimhse nua-aoiseach in Éirinn (agus go luaitear é i ndráma Brian Friel, ‘Dancing at Lughnasa’) ach ní rud gan loighic ar fad é sin. D’fhéadfadh sé gurb ionann Ceann Chorr Leice agus léiriú déanach ar reiligiún réamh-Chríostaí ach, ina theannta sin, tugann sé léiriú ar reiligiún a bhí ag tosú ar leathadh ó cheantar na Meán Mhara – an reiligiún lenar bhain na trí phearsa in aon Dia amháin.