READ MORE
Cloch Mhullach
Maistean
AD500-600
Nuair a bhí caisleán ar Chnoc Mhullach Maistean i ndeisceart Chill Dara á scartáil, aimsíodh an bollán aolchloiche seo agus é á athúsáid mar fhardoras. Is leis an séú haois AD, tar éis mhisean Naomh Pádraig, a bhaineann an tsnoíodóireacht bhíseach a bhfuil a stíl cosúil le stíl roinnt biorán fallainge agus dealg de chuid na tréimhse sin. Ach gné spéisiúil den siombalachas a bhaineann leis is ea go gcuireann sé i gcuimhne dúinn nárbh ionann teacht na Críostaíochta go hÉirinn agus athrú tobann ó nósanna an ama a bhí ann roimhe sin. Ina ionad sin, léiríonn an chloch leanúnachas iontach dúinn i leith ceann de na deasghnátha Ceilteacha mar a thugtar orthu ar deasghnáth é atá ábhartha fiú amháin sa lá atá inniu ann: is é sin, an claíomh sa chloch.
Idé lárnach de chuid na bhfinscéalta Briotanacha faoin Rí Artúr is ea gurb é an fíor-rí an duine atá in ann an claíomh a tharraingt amach as cloch. Tá sé tugtha faoi deara ag Conor Newman, as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go bhfuil eitrí díreacha cúnga le feiceáil ar dhromchla cuid mhór cloch sácráilte a úsáideadh mar ‘íocóin féiniúlachta treibhe agus cultúir’. De ghnáth, rinneadh neamhshuim de na marcálacha sin á rá gur loitiméireacht nó treabhadh ba chúis leo. Ach, dar leis an Uasal Newman, bíonn siad ann rómhinic agus tá siad i bhfad rórialta le gurb amhlaidh atá an scéal. Cloch den chineál sin is ea Cloch Mhullach Maistean.
Táthar ionann is cinnte go raibh sé suite san áit inar ghnách ríthe Uí Dúnlainge Laighean a insealbhú. Mar réad aonair, is fiú a rá ina leith nach bhfuil aon siombalachas Críostaí ag baint le réad deasghnáthach atá chomh tábhachtach sin. ‘Chomh dóiche lena athrach, is é seo cloch insealbhaithe Uí Dúnlainge’, arsa an Uas. Newman, ‘agus níl aon rud san ornáidíocht a bhféadfaí a rá ina leith gur tréith Chríostaí í’. Ní hionann sin agus a rá, ar ndóigh, go raibh na daoine a d’úsáid an chloch den chéad uair ag cloí leis an seanreiligiún, ach léiríonn sé gur mhinic arbh ionann an Chríostaíocht in Éirinn agus sraith eile os cionn traidisiúin níos sine a bhí ar marthain fós agus a bhí ag bisiú. Lean deasghnátha ríogachta, go háirithe, ar aghaidh sa riocht céanna, nach mór, ar feadh míle bliain eile tar éis theacht chun cinn na Críostaíochta; is cosúil gur mhair idé ‘an claíomh sa chloch’ ón gcúigiú nó ón séú haois go dtí an dóú haois déag ar a laghad.
Tá ceithre mharc lainne ar Chloch Mhullach Maistean ar an taobh clé di agus tá dhá mharc lainne an-domhain ann ar bharr na cloiche. De réir dealraimh, bhuailfeadh an rí nua a chlaíomh, nó chuirfeadh sé faobhar air, in aghaidh na cloiche mar chuid riachtanach den deasghnáth insealbhaithe. D’fhéadfadh marthanacht na ndeasghnáth sin a bheith bunaithe ar an bparadacsa go raibh ar thaoisigh áitiúla a bhí ag teacht chun cinn, agus saibhreas nua acu de bharr shaothrú thitim na Breataine Rómhánaí, bréagriocht a chur ar úrnuacht a gcumhachta. Dar leis an Uasal Newman, ní mór do na nua-thaoisigh seo ‘a gcumhacht a dhlisteanú. Más nua-thaoiseach tú, is é an céad rud atá le déanamh ná teach a cheannach agus é a líonadh le seandachtaí. Bhíothas ar an eolas go maith faoi na deasghnátha a bhí ag teastáil chun ionad sa stair a ghlacadh’. D’fhéadfadh sé gur dheasghnátha seanda iontu féin iad na deasghnátha sin a d’úsáid sotairí chun údarás na seandachta a ghlacadh chucu féin.