READ MORE
Clog Phádraig
Naofa
c. seachtú haois
Ag tús an naoú haois déag, chuir an duine deireanach de bhrainse de mhuintir Mulholland, is é sin, múinteoir scoile a bhí ar tí bás a fháil gan oidhre, fios ar iardhalta dá chuid, ceannaí de chuid Bhéal Feirste darbh ainm Adam McLean. Tar éis treoir a fháil tochailt a dhéanamh in áit ar leith i ngairdín mhuintir Mulholland, d’aimsigh an tUasal McLean an clog seo agus é taobh istigh de chumhdach ornáideach a rinneadh dó in Ard Mhacha thart ar an mbliain 1100. Ba iad muintir Mulholland ‘coimeádaithe an chloig’ ó bhí na meánaoiseanna ann.
Murab ionann is cuid mhór de na réada atá luaite sa leabhar seo, baineann cumhacht an chloig lena shimplíocht seachas le tréithe galántachta nó rachmais. Tá sé beag (níos lú ná seacht n-orlach ar airde) agus pléineáilte agus tá sé déanta as dhá phíosa thiubha d’iarann leatháin, atá brataithe le cré-umha agus seamaithe go dlúth lena chéile agus tá hanla beag lúbtha ar a bharr. De réir dealraimh, cuireadh teanga an chloig isteach tráth níos déanaí ná tráth a dhéanta. Is é a shimplíocht a d’fhág go raibh sé inchreidte gur le N Pádraig é cé gur dóigh go ndearnadh é tar éis aimsir an naoimh. In Annála Uladh don bhliain 553, a scríobhadh cuid mhór blianta tar éis an imeachta, tá taifead ann faoi oscailt thuama N Pádraig 60 bliain tar éis a bháis agus gur tógadh a chuach, ‘Soiscéal an Aingil’ agus ‘Clog an Tiomna’ as. Deirtear gur thug aingeal treoir do N Colmcille an cuach a chur go Contae an Dúin agus an clog a chur go hArd Mhacha agus an soiscéal a choimeád dó féin.
Is cinnte gur réad mór-urraime é an clog sna Meánaoiseanna agus gur snaidhmeadh isteach sna scéalta faoi ghníomhartha míorúlteacha Phádraig é. (Deirtear gur bhuail sé clog ag deireadh a choimhlinte apacailiptí le fórsaí an oilc, agus iad i mbréagriocht éan, ar Chruach Phádraig.) Ach taobh amuigh dá chumhacht reiligiúnach agus fhinscéalach, bhí tábhacht mhór pholaitíochta ag baint leis an gclog. Chomh maith le Leabhar Ard Mhacha agus ‘bachall Íosa’ (a scriosadh i mBaile Átha Cliath sa séú haois déag), bhí an clog fíorthábhachtach i dtaca le héileamh Ard Mhacha i leith ionad lárnach a bheith aige in oidhreacht Phádraig agus, dá bhrí sin, gurbh é ardsuíomh na Críostaíochta in Éirinn é. Ba fhoinse nua cumhachta agus gradaim in Éirinn í an eaglais agus ní rabhthas in ann príomhacht ó thaobh cúrsaí eaglaise de a éileamh gan conspóid a bheith ann. De réir mar a bhíothas ag glacadh le Pádraig mar athair na Críostaíochta in Éirinn, bhí sé tábhachtach go mbeifí in ann ceangal díreach lena údarás a chruthú. D’éiligh Ard Mhacha, Dún Pádraig agus Sabhall gurb iontu a adhlacadh é. Bhí ionaid eile ann a chuir i gcoinne phríomhacht Ard Mhacha – rinne tacadóir luath éilimh Ard Mhacha, Tírechán, gearán fúthu sin a raibh fuath acu ar dhlínse chríochach Phádraig agus a d’ionsaigh stádas Ard Mhacha. Dá bhrí sin, is cuma cé chomh tarraingteach agus a bhí an clog mar léiriú pléineáilte ar chráifeacht shimplí, ba uirlis láidir í freisin sa choimhlint ar son cumhachta. Ón aimsir is luaithe, ní rabhthas in ann teachtaireacht spioradálta an reiligiúin nua a dheighilt go hiomlán ó na coimhlintí seanfhaiseanta polaitíochta ar son an cheannais.