READ MORE
Bachall Chluain
Mhic Nóis
an t-aonú haois déag
Roimhe seo sa leabhar seo, chonaiceamar crúca adhmaid a bhaineann le Baile Átha Cliath in aimsir na Lochlannach. Is iontach an chosúlacht atá ann idir an crúca sin agus an bachall aba álainn seo a bhaineann le mórmhainistir Chluain Mhic Nóis. Ní thiocfadh le haon ní eile bréagnú físeach níos cumhachtaí a dhéanamh i leith na seantuairime nach raibh sna Lochlannaigh ach dream eachtrannach in Éirinn, ar dream iad ar dhíbir Brian Bóruma iad sa bhliain 1014 ag Cath Chluain Tarbh. Is dócha go bhfuil an bachall bainteach le scrín bhunaitheoir na mainistreach, Naomh Ciarán. (Tá taifead ar Chiarán a bheith ann na céadta bliain tar éis a bháis chun ionraitheoir ionchasach a bhualadh lena bhachall.)
Tá sraith ainmhithe a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad ag baint greim as a chéile le feiceáil ar an suaitheantas, ach is é atá sa ghné is corraithí den mhaisiú ná na hainmhithe ar dhéanamh nathrach i bpátrúin fíor a hocht a mhaisíonn na taobhanna. Tá stíl Ringerike ag baint leo atá cosúil leis an stíl a úsáideadh ar an gcrúca adhmaid. Ina theannta sin, mar thoradh ar thochailtí ag an tSráid Ard i mBaile Átha Cliath, thángthas ar phíosaí cnáimhe trialach ar chuir ceardaithe pátrúin den tsamhail chéanna orthu le linn dóibh cleachtadh a dhéanamh. Dá bhrí sin, is dócha gur i mBaile Átha Cliath a rinneadh an bachall seo, ar réad beannaithe é a bhí tiomnaithe do shean-naomh.
Más ábhar iontais é an méid sin, is amhlaidh atá mar gheall ar chumhacht an scéil a chruthaigh lucht leanúna Bhriain, agus mar gheall ar an scéal sin amháin, i dtaobh é a bheith mar a bheadh casúr na Lochlannach agus i dtaobh Éire a bheith saortha aige ó mhallacht uafásach. Rinne Brian iarracht ríocht aontaithe a chruthú agus thug sé imperator Scottorum air féin, is é sin, impire na hÉireann. Ba é an cur síos a rinneadh, níos faide anonn i stair na hÉireann, ar Chath Chluain Tarbh, i mí Aibreáin 1014, ná deireadh rathúil a chuid iarrachtaí chun an t-ionraitheoir Lochlannach, a raibh fuath air, a ruaigeadh go deo. Le fírinne, is é a bhí ann ná sampla den tslí ina raibh polaitíocht na hÉireann agus polaitíocht na Lochlannach fite fuaite ina chéile an tráth sin: ba chomhghuaillithe Laighean iad thart ar an leathchuid de na trúpaí a throid ar thaobh Shitric na Féasóige Síoda, rí Bhaile Átha Cliath; maidir le Sitric, ba é leasmhac agus mac cleamhnais Bhriain é agus ba dhuine leath-Éireannach é; agus, seachas fonn a bheith air deireadh a chur le tionchar na Lochlannach, ba é a bhí in uaillmhian Bhriain ná bailte gnóthacha Luimnigh, Phort Láirge agus Bhaile Átha Cliath a tharraingt isteach ina ‘impireacht’.
Bhí Baile Átha Cliath gafa aige uair amháin cheana féin ar an 1 Eanáir 1000 agus thug sé ar ais do na Lochlannaigh é nuair a ghéill Sitric mar vasáilleach dá chuid. Tháinig bláth ar Bhaile Átha Cliath faoin socrú sin go dtí gur ghlac Sitric páirt in éirí amach Éireannach níos forleithne i gcoinne Bhriain. Ná ní raibh Cath Chluain Tarbh ina chath chinntitheach: Níor éirigh le fórsaí Bhriain teacht isteach i mBaile Átha Cliath. Tháinig Sitric slán ón gcath (murab ionann agus Brian) agus rialaigh sé i mBaile Átha Cliath go dtí an bhliain 1036. Ní hionann sin is a rá nach raibh i gceist le Cath Chluain Tarbh ach teagmhas an-suntasach, is é sin, teagmhas ar cuimhníodh air leis na céadta bliain ar fud thuaisceart na hEorpa; go bunúsach, ba é a bhí ann ná coimhlint chun smacht a fháil ar ghréasán brabúsach trádála Mhuir Éireann tráth a raibh tiarna cumhachtach Inse Orc, Sigurd Ramhar, ag iarraidh an deis a thapú é féin a bhunú i mBaile Átha Cliath trí thacú le Sitric.
Go híorónta, ba é a bhí i bhfíor-éifeacht an chatha ná gabháil Bhaile Átha Cliath ag na Lochlannaigh, gan Éireannaigh a bheith bainteach leo, a chosc. Bhí an bealach oscailte do Bhaile Átha Cliath a bheith níos comhtháite isteach sa chuid eile d’Éirinn. Is ionann an bachall seo, a rinneadh sa bhaile tar éis Chath Chluain Tarbh is dócha, agus léiriú ar an tslí ina raibh an fórsa a bhí ina ábhar scanraithe do na manaigh tar éis teacht chun bheith ina chuid den saol Éireannach.