READ MORE
Taisce Óir
Chagála Beag
2300-2000RC
I mí Aibreáin 2009, d’fhógair gardaí i Ros Comáin go rabhthas tar éis roinnt réad thar a bheith neamhghnách a aimsiú i scipe bruscair i mBaile Átha Cliath: bhí siad laistigh de thaisceadán a goideadh ó chógaslann i mBéal na mBuillí agus iad fillte i leathán páipéir agus meáchan rud beag faoi 80g iontu.
Tar éis na robála sin, d’inis na húinéirí do na gardaí imscrúdúcháin go raibh trí mhír seodra óir ann sa taisceadán. De réir na tuairisce a soláthraíodh, chreid coimeádaithe de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann gur ornáidí óir de chuid na Cré-Umhaoise Luaithe a bhí i gceist leis an seodra. Ós rud é go raibh na réada tanaí agus cothrom, agus go raibh meáchan an-éadrom iontu (78g san iomlán, thart ar 2½ unsa), is léir go bhféadfadh sé nár thug na gadaithe faoi deara iad ar chor ar bith. Is é a bhí sna réada a d’aimsigh na gardaí sa scipe bréan na luanla de chuid na Cré-Umhaoise Luaithe – is é sin, bóna ar déanamh corráin – agus dhá dhiosca óir den chineál a fuarthas i dTigh Damhnata. Rinneadh an luanla (ar focal é sin atá bunaithe ar an leagan Laidine ar ‘ghealach bheag’ a úsáideadh den chéad uair sa chomhthéacs seo san ochtú haois déag) trí ór a leathadh go dtí go mbeadh leathán an-tanaí ann agus greanadh nó brúdh maisiúcháin ar na leatháin sin ar mhodh an-oilte ar fad. Dála luanlaí eile, is réad an-chliste é sampla Chagála Beag: cé nach bhfuil ann ach méid measartha beag óir, soláthraíonn sé comhartha iontach ardstádais a dhealraíonn a bheith an-mhór.
Is bailiúchán uathúil réad iad na hornáidí a tochlaíodh as portach i gCagála Beag i gCo. Ros Comáin sa bhliain 1945. Dar le Mary Cahill as Ard-Mhúsaem na hÉireann, is ionann iad agus an chéad uair riamh gur thángamar ar nasc idir na dioscaí agus na luanlaí ós rud é go measfaí go raibh na dioscaí i measc na hornáidí óir den chineál is luaithe agus go raibh na luanlaí ann tamall beag ina dhiaidh sin. Tar éis teacht ar dhioscaí agus ar luanlaí in éineacht lena chéile, is féidir a cheapadh go bhféadfadh sé gur fheidhmigh siad mar chuid den tsraith chéanna siombailí, agus na dioscaí in ionannas don ghrian agus na luanlaí in ionannas don ghealach. Is as Éirinn do níos mó ná 80 ceann den líon iomlán luanlaí, is é sin líon níos mó ná 100, ar thángthas orthu in iarthar na hEorpa; sin an chéad chuid den fhianaise láidir ar chultúr óir de chineál sainiúil Éireannach. In ionad Éire a bheith ag teacht faoi thionchar áiteanna thar lear, is cosúil gur a mhalairt atá fíor sa chás seo. Tosaíodh ar luanlaí óir de chineál Éireannach a dhéanamh sa Bhreatain agus cóipeáladh a gcruth nuair a bhí muincí á ndéanamh as ábhair eile, amhail gaing agus ómra.