READ MORE
‘Coróin’ Petrie
an dara haois AD
Níor ghnách leis na Lochlannaigh clogaid adharcacha a chaitheamh. Bhíodh ceannbheart ag Éireannaigh na hIarnaoise agus é déanta ar shlí ina gceapfaí go raibh adharca air. Tá dhá shampla iontacha ann, is é sin le rá, ‘coirn Chorcaí’ (i Músaem Poiblí Chorcaí) agus ‘coróin’ Petrie atá ainmnithe amhlaidh mar gur tháinig sé as bailiúchán an ársaitheora de chuid an naoú haois déag, George Petrie. Ní raibh a fhios ag Petrie cén áit ar aimsíodh an réad ar dtús, sin nó ní dhearna sé taifead ina thaobh sin.
Is é atá sa ‘coróin’ ná leathán cré-umha agus péire dioscaí ardmhaisithe i gceangal lena tosach. Is ionann an dearadh ar na dioscaí agus léiriú an-stílithe ar bhád gréine: an ghrian á hiompar trasna na spéire i mbád a bhfuil tosach agus deireadh ar déanamh éin ann. Mar thoradh ar an léiriú sin a bheith ar ‘coróin’ Petrie, faightear léargas tearc ar chreidimh réamhstairiúla reiligiúnacha inar cuimsíodh cosmeolaíocht chasta ghréine a bhí ag áitritheoirí luatha na hÉireann i gcomhpháirt lena gcomharsana Eorpacha. Bhí corn cónúil ann ar gach diosca ach níl ach ceann amháin díobh sin ar marthain fós. Dhéantaí an cóiriú casta cré-umha sin a fhuáil ar bhanda leathair nó teicstíle ansin le go mbeadh ceannbheart ann. Tugann cáilíocht an-ard an mhaisiúcháin agus an tseamaithe le fios gur pearsa an-chumhachtach a chaithfeadh ‘an choróin’.
D’fhéadfadh an chumhacht sin a bheith bainteach le nasc leis an mBreatain Rómhánach. Feiniméan nua a bhí i gceist le ceannbheart adharcach ina raibh úsáid á baint as teicneolaíochtaí nua teilgin agus inar cuireadh dearthóireacht ardchaighdeáin Iarnaois na hEorpa, ar a dtugtar La Tène, ar taispeáint. Dúirt an ginearál Rómhánach, Agricola, go bhféadfaí Éire a ghabháil le léigiún amháin agus le líon measartha mór saighdiúirí cúnta. D’fhéadfadh sé go ndearnadh iarracht ionradh de chineál éigin a dhéanamh. De réir thaifead an fhile Rómhánaigh, Juvenal ‘tá ár gcuid arm tugtha thar chladaigh na hÉireann againn’. Má tharla sé sin, brúdh an t-ionradh siar nó chinn na Rómhánaigh, maidir le gabháil na hÉireann, nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
Ach rinne siad trádáil le hÉirinn. De réir an staraí, Tacitus, ba bheag an méid eolais a bhí ann sa chéad aois ar na codanna inmheánacha den oileán ach, mar thoradh ar chaidreamh tráchtála agus trí na ceannaithe, bhí eolas níos fearr ann faoi na cuanta agus faoi na bealaí isteach iontu. D’allmhairigh na hÉireannaigh earraí ón domhan Rómhánach mar is léir ón muince Éigipteach atá ann i dtaisce Bhrú Íochtair. Tá réada Rómhánacha ann a fuarthas ar láithreán ríoga na Teamhrach agus, fiú amháin, tá blaosc ápa Bharbaraigh ann a fuarthas in Eamhain Mhacha, i gCo. Ard Mhacha. Bhí trádáil dhá shlí ann, áfach; b’ionann an Bhreatain Rómhánach, ina raibh cathracha agus buan-arm, agus margadh bisiúil.
Dar le Eamonn Kelly, as Ard-Mhúsaem na hÉireann, ‘b’ionann forbairt ionad uirbeach agus a rá go raibh éileamh ar eallach beo. D’úsáid arm na Róimhe méideanna móra leathair. Bhí seithí á n-allmhairiú acu agus is dócha go raibh im á allmhairiú acu freisin. Bhain na daoine a bhí in ann na ceangail trádála sin a shaothrú leis na tailte saibhre innilte agus ba iad na daoine sin a tháinig chun bheith ina gcuid lárnach de ríoraí meánaoiseacha na hÉireann’.