READ MORE
Dealg Bhaile
an Doire
c. 600 AD
Aimsíodh an réad seo i rith bhlianta na 1930-idí i gcrannóg (áit chónaithe ar oileán) ar an taobh theas de Loch Bhaile an Doire i gCo. Uíbh Fhailí agus tá sí i measc na réad is mó castacht dár thángthas orthu in Éirinn. Ba chuid de chultúr an-sofaisticiúil, iltíreach é ina raibh foirmeacha réamh-Chríostaí á n-athchruthú go caolchúiseach de réir dhiagacht chasta na Críostaíochta. Insíonn sé dúinn go raibh ealaín na hÉireann ag ionsú íocónagrafaíocht an-chasta ó áiteanna chomh fada i gcéin leis an bPalaistín agus á saibhriú le siombalachas págánach de chineál níos seanda fós. Tá an dealg míolchruthach (ar déanamh ainmhí) agus neasfháinneach (tá bearna ann san fháinne): is stíl í sin a forbraíodh sa Bhreatain Rómhánach agus bhí sí coitianta in Éirinn idir an cúigiú haois agus an seachtú haois. Is é seo an ceann is ilchasta dár aimsíodh riamh. D’fhéadfadh sé go raibh a dhéantóir ina cheardaí Éireannach a raibh ardchlú idirnáisiúnta air agus, chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé gurbh eisean a rinne sciatha an bhabhla mhóir chrochta is mó a fuarthas i gceann de na fionnachtana is cáiliúla seandálaíochta de chuid Iarthar na hEorpa, is é sin, an t-adhlacadh loinge Angla-Shacsanach ag Sutton Hoo in East Anglia.
Íomhá Chríostaí atá ann sa bhun-íomhá: an nathair dhécheannach agus greim á baint as a heireaball féin aici, rud atá ina shiombail den tsíoraíocht agus den athbheochan. Sa chás seo, ní siombail de Shátan í an nathair. Seachas sin, is comhartha í ar aiséirí Chríost, agus comparáid á déanamh léi idir cumas na nathrach a craiceann a chur di agus an idé a ghabhann le ‘athbhreith’. Tá fuascailt na ceiste faoi bhrí íocónagrafaíocht Chríostaí na deilge le fáil sa rud ar a dtugtar ‘an Chloch Scothóige’ atá le fáil i gCarn Domhnach, Co. Dhún na nGall. Tá an pátrún céanna ann ar an dá réad, is é sin, gas geoiméadrach ag dul in airde i dtreo bhláth na scothóige.
Rud níos iontaí ná sin, áfach, tagann na pátrúin atá ar an dealg as Iarúsailéim, is é sin le rá go sonrach, as na searróga ola naofa a bhí á ndíol le hoilithrigh shaibhre ag Eaglais an Tuama Naofa, a ndeirtear ina leith gurb é áit adhlactha Íosa é. Tá íomhánna greanta ar na searróga sin ar íomhánna iad ar a bhfuil na pátrúin ar dhealg Bhaile an Doire bunaithe. Taispeánann siad tuama Chríost faoi chruinneachán na heaglaise. Tá Crann na Beatha ag éirí aníos as an tuama agus is air sin a théann Íosa suas chun na bhFlaitheas. In Ealaín na hÉireann, bíonn scothóg ann ar bharr an chrainn in ionannas aghaidh Chríost. Sin íomhá an aiséirí agus é ar taispeáint i bhfoirm theibí, achomair ar chúl na deilge. De bhreis air sin, is ionann an chros millefiori ar éadan tosaigh na deilge agus léiriú ar an leacht is clúití i leith aiséirí Chríost in Iarúsailéim, is é sin, Crux Gemmate (an chros sheodmhar).
‘Tá íocónagrafaíocht an-sofaisticiúil ann anseo’, arsa Conor Newman as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ‘agus tá an teachtaireacht chéanna ann agus atá le fáil ó na híocóneolaithe a bhí ag obair in Iarúsailéim sa séú haois. Mar sin, tá dealg ann lena ngabhann buntréithe págánacha ach, ina theannta sin, lena ngabhann siombalachas casta Chríost aiséirithe’. Go han-luath i stair na Críostaíochta in Éirinn, tá meascán iontach ann i dtaca le leanúnachas le traidisiúin níos sine agus smaointeoireacht iltíreach chomhaimseartha. ‘Tá duine éigin ann’, arsa an tUas. Newman, ‘atá ina chónaí i lár na tíre thart ar an mbliain 600 AD agus dealg aige a bhí déanta, is dócha, ag an duine céanna a rinne an babhla crochta is mó a aimsíodh ag Sutton Hoo, ar dealg í a deir linn ní amháin cén creideamh reiligiúnda a bhí ag a húinéir ach ar dealg í freisin a thugann léiriú ar thraidisiúin leathana intleachtúla a bhí chun tosaigh go mór sa Phalaistín an tráth sin’.