READ MORE
Dealg ‘na
Teamhrach’
an t-ochtú haois
Sa chuid dhéanach den naoú haois déag, bhí ráchairt an-mhór ar chóipeanna de dhealg ‘na Teamhrach’ mar mhír fhaiseanta seodra Cheiltigh. Ghlac eagraíocht thábhachtach náisiúnach ar leith, Inghinidhe na hÉireann, a raibh Maud Gonne ina ceannasaí uirthi, léi mar shuaitheantas ballraíochta. Tháinig an dealg, a rinneadh os cionn míle bliain roimhe sin, chun bheith ina siombail d’athbheochan chultúr na hÉireann mar gurbh ionann í agus freagra ar fheabhas ar theoiricí Victeoireacha i leith sheanaimsearthacht an chine Ghaelaigh.
Sa chás seo, ar a laghad, tá an dealg féin chomh hiontach céanna leis an tsiombail a seasann sí di: tá an dealg seo ina réad a labhraíonn faoi chultúr atá ag feidhmiú ar an leibhéal is airde ó thaobh sofaisticiúlachta de. Le fírinne, níl sí bainteach le Teamhrach: tháinig leanbh uirthi sa bhliain 1850, leanbh a bhí ag imirt ar an gcladach i mBaile an Bhiataigh, Co. na Mí, agus dhíol ‘bean bhocht’ í le huaireadóirí i nDroichead Átha. Ina dhiaidh sin, dhíol an t-uaireadóirí í le George Waterhouse, fear gnó cliste as Baile Átha Cliath a raibh baint aige cheana féin le táirgeadh seodra Athbheochana Ceiltí agus d’athainmnigh seisean í mar Dhealg ‘na Teamhrach’ agus chuir sé ar taispeáint í le linn an Mhórthaispeántais i Londain sa bhliain 1851. Sa lá atá inniu ann, dealraíonn sé go bhfuil stádas aici atá níos mó ná mír mhúsaeim amháin agus go bhfuil sí mar a bheadh músaem iomlán ann, is é sin, taispeántas thar barr a léiríonn ilmháistreacht. Cé go bhfuil sí níos lú ná 9cm ar trastomhas, tá sé déanta amach go bhfuil tuairim is 76 phátrún ann ar a dromchla.
Tá an dá aghaidh den dealg, agus imill laistigh agus lasmuigh an fháinne fiú, clúdaithe le flúirse dearthaí agus gach ceann acu cruthaithe ar mhodh ina léirítear oilteacht iontach. Fiú amháin an téad a choinnigh an dealg ina háit, tá nasc dea-dheartha ann ar a foirceann ina n-áirítear cinn nathracha, ainmhithe agus daoine. Ní hionann í agus léiriú ar theicníocht ar leith; is sárshaothar í ina n-áirítear beagnach gach teicníocht a bhí ar eolas ag gaibhneoirí de chuid dheireadh an tseachtú haois agus thús an ochtú haois. Tá bíseanna comhghlasáilte de chóimhiotal copair, agus iad chomh tanaí le téada damháin alla, socraithe taobh le hór agus le hairgead. Baineadh úsáid as teicníocht ar a dtugtar slis-snoíodóireacht, agus a fuarthas ó sheodra Gearmánach, chun éin fhadaithe, beithígh agus pátrúin bhíseacha a chruthú. Tá sreanga óir feirbthe casta measctha le boinn leatháin óir. Tá stodaí breacnaithe gloine agus ómra ann idir na pátrúin. Ar an aghaidh thosaigh, tá ainmhí beag bídeach fíolagráin ina shuí i bpainéal nach bhfuil ach 2cm ar leithead, tá a lapa tosaigh ardaithe aige agus tá a chorp casta siar air féin. Tá pátrúin eile ainmhí le feiceáil ar an aghaidh chúil.
Rinneadh an dealg seo do dhuine den uasalaicme a mheas ina leith féin gurbh aicme í a bhí ar comhchéim le haon uasalaicme eile san Eoraip iar-Rómhánach. Úsáideadh an dealg chun fallaing a bheadh á caitheamh os cionn ionair a cheangal; ba chineál éide é sin a léirigh cumhacht agus a fuarthas ó cheantar na Meánmhara agus ó fhaisin oifigeach ardchéime sa Bhiosáint. In Éirinn, bhí dealga á n-úsáid ar an dóigh sin ag mná ardstádais agus, chomh maith leis sin, ag fir, ag cléirigh agus ag rialtóirí tuatacha. Fiú amháin ar chrosa arda a bhaineann le tréimhse rud beag níos déanaí, tá dealga de chineál dhealg ‘na Teamhrach’ á gcaitheamh ag Íosa agus ag an Maighdean Mhuire. Ina theannta sin, luaitear an dealg i gcomhthéacs chreideamh réamh-Chríostaí na hÉireann. I scéal áirithe ón tréimhse thart ar an am a rinneadh dealg ‘na Teamhrach’, deir rí Mumhan áirithe a luíonn le bandia an fhlaithis lena bheanchéile fallaing chorcra agus ‘dealg na banríona’ a chur ar an mbandia. Is é atá le tuiscint againn ó dhealg ‘na Teamhrach’ ná go raibh uasalaicme Éireannach ann a raibh leibhéal ard féinmhuiníne bainte amach aici, a raibh an Chríostaíocht á comhtháthú go héasca aici le traidisiúin réamh-Chríostaí agus a raibh meon Eorpach ag a rialtóirí áitiúla. D’fhéadfaí a rá gurbh é sin an tráth deireanach a raibh socracht den chineál sin inbhainte amach.