READ MORE
Cathaoir
Eileen Gray
1926
‘Fágadh taca sciatháin ar lár le go mbeadh níos mó saoirse ag an gcolainn chun gluaiseacht agus le go bhféadfaí cromadh chun tosaigh nó tiontú sa treo eile gan aon srian’. Sin a dúirt Eileen Gray faoin rud ar thug sí a ‘cathaoir neamhghnách‘ air. Nó, mar a dúirt Zeev Arum, an déileálaí troscáin a d’athbheoigh cuid mhór de dhearthaí iontacha Gray i rith bhlianta na 1970-idí, ‘ní gá duit suí mar a bheadh impire ann chun bheith compordach’. Tá cuid mhór de na tuairimí a bhain go dlúth leis an ngluaiseacht nua-aoisí san Eoraip le feiceáil sa chathaoir: saoirse, indibhidiúlacht, an tuairim gur ceart foirm ruda a chinneadh ar bhonn a fheidhme, agus úsáid ábhar tionscail amhail cruach fheadánach agus alúmanam feadánach. Bhí cruthaitheoir na cathaoireach seo i measc cheannródaithe na gluaiseachta ach is ar éigean a bhí eolas uirthi ina tír dhúchais ar feadh an chuid is mó dá saol agus léiríonn sé sin cuid mhór faoi chaidreamh débhríoch na hÉireann le nua-aimsearthacht na hEorpa.
Rugadh Eileen Gray sa bhliain 1878 i gCoill an Bhrúnaigh, gar d’Inis Córthaidh i gContae Loch Garman. Rinne sí staidéar ar phéintéireacht i Scoil Ealaíne Slade agus, ina dhiaidh sin, i bPáras áit ar thosaigh sí ag cur spéis ar leith i saothar laicir na Seapáine. Sa bhliain 1917, coimisiúnaíodh Gray chun an taobh istigh d’árasán, ar Rue de Lota i bPáras, a dhearadh. Chruthaigh sí réada thar a bheith nuálach, lena n-áirítear tolg ‘piroque’ bádchruthach agus an chathaoir ‘bibendum’ leathair shóúil agus cruach feadánaí a tháinig chun bheith ina cathaoir chlasaiceach de chuid an fichiú haois a atáirgeadh chomh minic sin. Scríobh an léirmheastóir ailtireachta, Jean Badovici, a rugadh sa Rómáin, go bhfuil ionad lárnach ag Eileen Gray sa ghluaiseacht nua-aoiseach. Dúirt sé go raibh a fhios aici go raibh gá le bealaí nua mothúcháin chun déileáil leis na féidearthachtaí nua maireachtála a bhí ann an tráth sin. Chomhoibrigh Badovici agus Gray ar theach lom Nua-Aoiseach ar a dtugtar E-1027 in Roquebrune gar do Mhonacó. Ina theannta sin, dhear sí an troscán, lena n-airítear an bord beag ciorclach insocraithe E-1027, ar bord é a chóipeáiltear de shíor.
Níorbh í Gray an t-aon ealaíontóir Éireannach amháin a bhí chun tosaigh i saol na nuálaíochta cultúir san Eoraip. Bhí duine comhaimseartha dá cuid lonnaithe i bPáras, is é sin, James Joyce a bhí ina phríomh-phearsa i saol na litríochta Nua-aoisí. Ach, ag an am céanna, bhí sé deacair d’Éirinn, agus í neamhspleách, ionad a bhunú di féin i dtaca le féiniúlacht nua Eorpach a chruthú. Bhí an leithlisiú ó achrann na hEorpa comhaimseartha, claonadh chun an fhéiniúlacht náisiúnta a nascadh leis an ngné thuaithe den am a bhí caite, an easpa boinn dhinimiciúil tionscail, caidreamh láidir leis na Stáit Aontaithe agus cinsireacht stáit ina gcúiseanna leis an teip chun féiniúlacht láidir Eorpach a fhorbairt. Ní go dtí deireadh bhlianta na 1950-idí a rinneadh iarrachtaí tosaigh chun an caidreamh leis an Eoraip a athcheapadh; fiú amháin ansin bhí an tuairim gur ceart dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, ina raibh sé bhall an tráth sin, bunaithe ar iarrachtaí na Breataine déanamh amhlaidh.
Mar a tharla, próiseas casta a bhí ann: chuaigh Éire isteach san eagraíocht sin sa deireadh ar an 1 Eanáir 1973. I dtosach báire, bhí cinneadh an chuid is mó daoine maidir le vóta a chaitheamh i reifreann ar son dul isteach sa CEE bunaithe go príomha ar chúrsaí eacnamaíochta. Thóg sé roinnt mhaith blianta sular éirigh sé soiléir go bhféadfadh an Eoraip spás samhlaíoch a chur ar fáil ina bhféadfadh na cruacheisteanna plúchtacha a bhain le féiniúlacht na hÉireann (agus na Breataine) a athshamhlú. B’ionann glacadh le Eileen Gray mar ealaíontóir tábhachtach Éireannach agus gné bheag bhídeach den athrú sin ach ba rud suntasach é freisin. Fuair stát na hÉireann bailiúchán pearsanta agus cartlann Eileen Gray thar ceann mhuintir na hÉireann sa bhliain 2002; tugadh ar ais go hÉirinn iad trí iarrachtaí Pat Wallace, iarstiúrthóir an Ard- Mhúsaeim, agus Aire na haimsire sin, Síle de Valera.