READ MORE
Cás
Eisimircigh
na 1950-idí
Le linn bhlianta na 1950-idí, bhí dúil mhór ag daoine i mbailéad séimh cumhach Sigerson Clifford dar teideal ‘The Boys of Barr na Sráide’. Sa bhailéad sin, táthar ag cuimhneamh ar chairde an údair le linn a óige i gCathair Saidhbhín i gCiarraí agus moltar iad mar ‘the men who beat the Black and Tan’. Agus ansin, beagnach mar ghnáthrud, luaitear go bhfuil siad uilig in áiteanna éagsúla anois: ‘And now they toil on foreign soil, for they have gone their way / Deep in the heart of London town or over in Broadway’.
Tá an eisimirce ar cheann amháin de ghnéithe shaol na hÉireann nár tháinig athrú mór air mar thoradh ar chríochdheighilt agus ar shaoirse. (Bhain cuid den eisimirce go díreach leis an achrann polaitíochta: idir na blianta 1911 agus 1926, tháinig laghdú aon trian ar an líon Protastúnach i ndaonra na 26 chontae agus díláithríodh líon suntasach Caitliceach ar an taobh ó thuaidh den teorann mar gheall ar ionsaithe foréigneacha.) Mar thoradh ar an Spealladh Mór sa bhliain 1929, cuireadh srian ar líon na ndaoine a bhí ag dul go Stáit Aontaithe Mheiriceá; go híorónta, tháinig an Bhreatain chun bheith ina príomhcheann scríbe an tráth sin. Tháinig méadú mór ar an eisimirce go dtí an Bhreatain mar gheall ar an Dara Cogadh Domhanda – chuaigh thart ar 120,000 duine as oileán na hÉireann isteach i bhfórsaí armtha na Breataine; daoine as an deisceart a bhí ann i gcás isteach is amach ar 60,000 acu sin. D’imigh 170,000 duine eile as an deisceart chun dul i mbun post sa gheilleagar cogaidh. Bhíothas ag súil – agus ba ábhar imní é d’airí rialtais – go dtiocfadh cuid mhór díobh sin ar ais tar éis an chogaidh.
Ina ionad sin, d’imigh níos mó imirceach chun dul go dtí an Bhreatain agus go dtí áiteanna eile. I rith bhlianta na 1950-idí, chuaigh triúr as gach cúigear a tháinig i lán-aois ar an imirce. D’imigh fir óga, nach raibh ach oideachas bunscoile acu de ghnáth, chun dul ag obair ar láithreáin tógála (a bhí flúirseach le linn na hatógála tar éis an chogaidh) agus i monarchana. D’oibrigh mná i monarchana freisin ach bhí mealladh ann chomh maith mar thoradh ar na féidearthachtaí a bhí ann i dtaca le poist lenar ghabh stádas níos airde a fháil mar bhanaltraí, mar mhúinteoirí agus mar chléirigh státseirbhíse. Is é an cás, ar minic é a bheith déanta as bosca giobach cairtchláir agus hanlaí air, an réad Éireannach is mó a chuireann an tréimhse sin i gcuimhne.
D’ainneoin rátaí beireatais an-ard a bhí ann (rud ar chuidigh an cosc ar fhrithghiniúnaigh shaorga leis), tháinig laghdú ar dhaonra na 26 chontae go dtí an leibhéal ab ísle riamh, is é sin, 2.8 milliún agus d’fhág sé sin gurbh in Éirinn a bhí an ráta pósta ab ísle dá raibh ann san Eoraip. I staidéar comhaimseartha amháin, dar teideal ‘The Vanishing Irish’, dúradh gurb amhlaidh, dá leanfaí den drochthreocht sin, nach mbeadh tásc ar an gcine Éireannach i gceann céad bliain eile, mórán mar an gcéanna leis na Máighigh, gan ach a gcuid séadchomharthaí a bheith fágtha ina ndiaidh.
Bhí sé dodhéanta an mothúchán go raibh teipthe ar Éirinn neamhspleách a sheachaint. Ní raibh an geilleagar talmhaíochta – ar shaintréithe de, tríd is tríd, feirmeacha beaga agus táirgeadh mairteola nár de chineál dlúthshaothair a bhí ann – in ann daoine óga a choimeád ós rud é go raibh siad ag teacht ar an eolas, níos mó ná riamh, faoi na deiseanna a bhí ann sa saol uirbeach tionsclaíoch. Bhí an beartas cosantais in ainm a bheith in ann tionscail bhisiúla Éireannacha a chruthú ach níor éirigh leis sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, bhí an oll-eisimirce ina cúis le buncheisteanna faoi inmharthanacht fhadtéarma shaoirse na hÉireann ar le dua a baineadh amach í. Mura raibh an neamhspleáchas ón mBreatain le tréigean mar thriail nár éirigh léi, b’éigean athrú a dhéanamh. Sa bhliain 1958, i bpáipéar bán dar teideal ‘Programme for economic expansion’, ar páipéar é a scríobh rúnaí na Roinne Airgeadais, Kenneth Whitaker, éilíodh deireadh a chur leis an gcosantas agus Éire a oscailt ó thaobh infheistíocht choigríche ilnáisiúnta a fháil. Mar thoradh air sin, thiocfadh athrú ní hamháin ar chúrsaí eacnamaíochta ach, freisin, ar gach gné de shaol na hÉireann.