READ MORE
Faoistin Naomh
Pádraig
c. AD 460-90
Ego Patricius, peccator rusticissimus et minimus omnium fidelium et contemptibilis sum apud plurimos… ‘Mise Pádraig. Peacach ró-thuatach, an té is lú de na fíréin go léir agus an té is lú a bhfuil meas ag a lán air…’.
Léiríonn na focail ealaíonta umhla sin trí rud fhíorthábhachtacha i bhforbairt chultúr na hÉireann. Ar dtús, in éineacht le Litir Phádraig chuig Coroticus, is é an Fhaoistin an mhír phrós-scríbhneoireachta is sine dá ndearnadh in Éirinn agus atá ar marthain fós agus, dá bhrí sin, is comhartha é freisin ar athrú ollmhór ar leith: is é sin, teacht na litearthachta. Ina dhiaidh sin, is é Pádraig an chéad duine in Éirinn ar féidir é a aithint go dearfach, trí na téacsanna sin, mar phearsa aonair a bhfuil scéal a bheatha ar eolas. I bhfocail eile, sin an tráth ar tháinig deireadh leis an réamhstair agus ar cuireadh tús le stair na hÉireann. Sa deireadh, labhraíonn Faoistin Phádraig linn, ar ndóigh, faoi cheann de na forbairtí is paradocsúla, ach ar cheann de na forbairtí is mó é, dá raibh ann riamh sa stair sin. Ar thaobh amháin, is scéal drámatúil é faoi thitim impireacht na Róimhe. Mar a insíonn Pádraig an scéal, mac de chuid teaghlach uasalaicmeach Rómhánach-Briotanach a bhí ann agus, nuair a bhí sé sé bliana déag d’aois, fuadaíodh é agus bhí sé á choinneáil faoi dhaoirse mar aoire ag ionraitheoirí Éireannacha nach raibh eagla orthu a thuilleadh faoi neart na Róimhe. Ar an taobh eile, nuair a bhí cumhacht na Róimhe ag dul i léig, thug Pádraig go hÉirinn í i bhfoirm eile: is é sin, an Chríostaíocht.
Níorbh é Pádraig an chéad mhisinéir Críostaí a tháinig go hÉirinn. Cuireadh Palladius, as Auxerre sa Fhrainc is dócha, anseo sa bhliain 431 mar an chéad easpag chuig ‘daoine de chuid mhuintir na hÉireann a chreid i gCríost’ – pobal Críostaí Éireannach a bhí ann cheana féin. D’fhéadfadh sé go raibh cuid de na Críostaithe luatha Éireannacha sin ina sclábhaithe a gabhadh sa Bhreatain, amhail Pádraig é féin.
Ach mar a deir Pádraig san Fhaoistin, scaip sé an Soiscéal sna ‘réigiúin in imigéin nach raibh duine ar bith níos sia siar’. De réir an traidisiúin, is in Ard Mhacha a bhí a mhisean lonnaithe. Deir Pádraig faoi mhuintir na hÉireann, ‘áit nach raibh eolas riamh ar Dhia ach áit ina ndearnadh, i gcónaí go dtí seo, adhradh íol agus nithe neamhghlana, go ndearnadh le deireannaí pobal an Tiarna díobh agus go ngairtear clann Dé díobh; go bhfuil clann mhac na Scot agus clann iníon na ríthe le feiceáil ina manaigh agus ina n-ógha le Críost’.
Is áibhéil é sin i dtaca le luas an athraithe ón seanreiligiún chuig an gceann nua, ach léiríonn sé an fhírinne go raibh príomhról ag Pádraig maidir le leathadh na Críostaíochta in Éirinn. Tá an chóip lámhscríbhinne is sine dá bhfuil ar marthain den Fhaoistin le feiceáil sa phictiúr, ar cóip í a rinne an scríobhaí Ferdomnach in Ard Mhacha thart ar an mbliain 807. (Tá na chéad fhocail le feiceáil ar fhóilió 22r de Leabhar Ard Mhacha atá ar taispeáint in éineacht le Leabhar Cheanannais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.) Tá na codanna sin den ‘faoistin’ ina luann Pádraig a theipeanna agus a laigí féin fágtha ar lár sa leagan sin: bhí sé tábhachtach do na manaigh a bhí ann i ndiaidh Pádraig agus a bhí bainteach lena gcultas a bhunú léiriú a thabhairt air mar dhuine éachtach cumhachtach. Is dóiche ná a athrach gurbh é a umhlaíocht agus a shimplíocht na tréithe a d’fhág go raibh sé chomh tarraingteach agus chomh háititheach sin nuair a bhí sé beo.