READ MORE
Scornán Óir
Ghleann Insín
c.800-700RC
Léiríonn na marcanna a ritheann trí na hiomairí ar thaobh na láimhe deise den bhóna óir drilseach seo gur lúbadh go garbh thar a chéile é sular caitheadh isteach i scoilt charraige i mBoirinn i gCo. An Chlair áit ar aimsigh buachaill é nuair a bhí coiníní á seilg aige sa bhliain 1932. Ní filleadh de thaisme a bhí san fhilleadh sin: bhí an chuid is mó de na hocht sampla mharthanacha den réad uathúil Éireannach seo lubtha sa tslí chéanna. De réir dealraimh, ‘díchoimisiúnaíodh’ iad sular cuireadh sa talamh iad; bhí cumhacht chomh mór sin acu gur ghá iad a bhriseadh sula scaoilfí amach as lámha a n-úinéirí iad.
Sárshaothar teicniúil agus ealaíne is ea é scornán Ghleann Insín tráth a raibh saothrú óir i mbarr a réime san Eoraip. Rinneadh é trí úsáid a bhaint as raon teicníochtaí: repoussé, cnagmhaisiú, ardú, stampáil, casadh agus fuáil. Tá na dioscaí ag foircinn an bhóna maisithe le pátrúin bhíseacha ina bhfuil scil iontach le feiceáil. Maidir leis an gcineál seo saothair, a bhfuil samplaí de le fáil go formhór i gCúige Mumhan, is cinnte go mbaineann siad le sochaí ardfhorbartha ina raibh daonra a bhí sách dlúth chun ealaíontóirí speisialtóireachta a chothú agus a bhí sách socair chun a cuid traidisiún sofaisticiúil féin a fhorbairt.
Tá fianaise ann a léiríonn gurb ionann scornáin den chineál seo agus sampla sárshócúlach saármhín d’fhaisean comhaimseartha Eorpach. Ar mhórthír na hEorpa, c. 1200 RC, ceann de na réada ardstádais is tábhachtaí is é an lúireach chré-umha, is é sin, píosa cathéide a théann thar an gcolainn ar fad. Is ionann an chathéide sin agus fianaise ar theacht chun cinn sainaicme ghradamach laochra. Ní fhaightear lúireacha cré-umha in Éirinn (is dócha gurbh fhearr le laochra Éireannacha cathéide leathair agus clogaid leathair), ach tá cosúlachtaí mionsonraithe, ó thaobh struchtúir agus maisiúcháin de, idir scornáin Éireannacha agus lúireacha Eorpacha luaite ag Mary Cahill, as Ard-Mhúsaem na hÉireann: tá na línte ardaithe ar bhóna Ghleann Insín ar aon dul leis na línte ar an gcathéide a léiríonn easnaí an laoich; is ionann na dioscaí agus macasamhail an bhrollaigh agus na siní. Is é atá againn, dá bhrí sin, ná leagan an-sonrach Éireannach de na siombailí a bhaineann le cultas laochra Eorpach. San Eoraip, réad cré-umha atá ann agus úsáidtear cruth litriúil cholainn an laoich, in Éirinn réad óir atá ann agus tá cruth teibí air. Cé uaidh nó uaithi a theastaíonn cré-umha coitianta nuair is féidir úsáid a bhaint as cumhacht shiombaileach an óir?
D’fhéadfadh sé go bhfuil an scornán ina léiriú ealaíonta comhfhiosach ar stíl Eorpach ach, dá ainneoin sin, baineann sé leis an gcomhidéal a bhaineann le scothaicme laochra. Tá laoch ag a bhfuil claíomh, sciath, sleá agus carbad le feiceáil ar shnoíodóireacht thearc carraige as iardheisceart na Spáinne de chuid na tréimhse seo. Tá eang an-sainiúil v-chruthach ar an sciath. Eang shainiúil atá ann ach amháin gur i gCluain Briain, gar do Mhainistir Shruthla, i gCo. An Longfoirt, a thángthas ar an aon sciath amháin de chuid na ré sin atá ar marthain. Dá bhrí sin, is ionann an scornán agus léiriú de chineál ar leith Éireannach agus de chineál an-mhín ar chultas laochra a shínigh i bhfad i gcéin lasmuigh d’Éirinn.