READ MORE
Ceann Sleá
Iarainn
800-675RC
Níl gach eolas ann faoin am atá caite. Tá an ceann sleá iarainn seo, ar thángthas air san Eithne i Leacain i gCo. Na hIarmhí, de chineál a bhí sách coitianta in Éirinn sa tréimhse thart ar AD 5000. Deir Andy Halpin, as Ard-Mhusaem na hÉireann ‘nach mbeadh sé as alt sa tréimhse mheánaoiseach luath… Nuair a smaoiníonn daoine ar seanscéalta na hIarnaoise faoi Chú Chulainn, seo an cineál airm a shamhlaíonn siad a bhí ar iompar an tráth sin’. Is é atá san fhadhb a bhaineann leis sin ná go dtugann dátú radacarbóin a rinneadh ar iarsmaí a chrainn adhmaid le déanaí le fios go bhféadfadh sé go bhfuil an sleá seo níos mó ná 1,200 bliain níos sine ná sin. Más fíor sin, bréagnaíonn sé miotas faoin tslí inar tháinig an Iarnaois go hÉirinn.
Is é a creideadh ar feadh tamall fada ná gur mar thoradh ar ionradh na gCeilteach a tosaíodh ar iarann a úsáid in Éirinn. Déanann scríbhneoirí Gréagacha tagairt do ‘Keltoi’ a bheith ann i lár na hEorpa sa séú haois RC. Bhí sé loighciúil, de réir dealraimh, gurbh ionann teacht chun cinn ‘tobann’ an iarainn in Éirinn agus fianaise ar theacht na gCeilteach sin. Os a choinne sin, murar tháinig an t-iarann chun cinn go déanach agus go tobann caitear amhras mór ar an tuairim gur tharla ionradh Ceilteach.
Níl amhras ar aon duine go bhfuil an tionchar a bhí ag na daoine sin as lár na hEorpa le feiceáil i roinnt déantán Éireannach de chuid na tréimhse ón tríú haois RC ar aghaidh. Ní ann d’aon déantáin mhiotail Éireannacha de chuid na tréimhse idir 600 agus 300 RC gan trácht ar chinn lena ngabhann tionchar mór-roinne. Éiríonn iarann creimthe agus tá sé an-deacair é a dhátú.
Go dtí seo, is nithe measartha garbh iad na réada Iarnaoise ar thángthas orthu in Éirinn agus is nithe measartha déanach iad a bhaineann le tréimhse nach luaithe ná 300 RC. Ach is cinnte nach rud garbh é ceann sleá Leacan: tá déanamh galánta ann. Tá sé caomhnaithe go maith, rud atá an-aisteach ann féin: bheadh sé neamhghnách teacht ar arm de chuid na Meánaoiseanna agus é i riocht chomh maith sin. Ní léir gur allmhairíodh é. Agus, de réir dealraimh, tá sé an-sean go deo.. De réir na dtástálacha radacarbóin, baineann sé le tráth éigin idir 811 agus 673 RC. Molann Halpin go mbeifí cúramach ach, dar leis, níl aon chúis ann an dáta sin a chur as an áireamh mar dháta mícheart.
Is é is cúis leis an ábhar iontais faoin sleá seo ná an dáta luath agus an tsárcháilíocht a bhaineann leis. ‘Táimid ag tosú’, arsa an tUasal Halpin, ‘ar fhianaise eile a fháil ar theicneolaíocht saothraithe iarainn ag dáta níos luaithe ná mar a ceapadh roimhe seo. Ní bheadh aon díospóid ann a thuilleadh faoi shaothrú iarainn a bheith ar siúl anseo thart ar 600 nó 700 RC. Ach dá mbeadh rud éigin atá chomh mín leis seo á tháirgeadh sa tréimhse sin thabharfadh sé le fios ní amháin go raibh iarann á shaothrú anseo ach, freisin, go raibh sé á shaothrú ag gaibhne an-inniúil ag tráth i bhfad níos luaithe ná mar a ceapadh go dtí seo’.