READ MORE
Lámhainní Fada
an Rí Liam
c. 1690
Maidin an 14 Iúil 1690, bhronn an Rí Liam III na miotóga breátha carria seo ar John Dillon ar ina theach, i Lios Muilinn, Co. Na Mí, a d’fhan sé an oíche roimhe sin. Bhí an rí tar éis bua mór a fháil ar a namhaid, an Rí Séamas II, ag an mBóinn in aice láimhe dhá lá roimhe sin. Is minic a tugadh miotóga mar bhronntanas ach tá cúis ann lena cheapadh go bhféadfadh sé gur chaith Liam na cinn seo ag an gcath ar lena linn a bhí sé i gceannas ar an marcshlua. Tá roinnt péintéireachtaí ‘catha’ le healaíontóirí éagsúla ann agus taispeántar Liam iontu agus é ag caitheamh lámhainní troma ciumhsacha den chineál seo.
Tá an t-imeall mionsaothraithe lása óir ar mhiotóg na láimhe deise smolchaite agus tá comharthaí tromúsáide ar mhiotóg na láimhe clé. Dá gcreidfeadh Protastúnaigh i dtaisí, bheadh gné bheannaithe ag baint leis na hiarsmaí seo de shealúchas de chuid an laoich is mó dá gcuid agus é i mbarr a réime.
D’fhéadfadh sé gurb é an cath seo an ceann is cáiliúla i stair na hÉireann ach ba é ba chúis leis ná dhá rud a tharla lasmuigh d’Éirinn. Ceann díobh sin ab ea Séamas II teacht chun bheith ina rí ar Shasana. Chuir sé an pharlaimint agus na huaisle ina aghaidh nuair a thiontaigh sé ina Chaitliceach agus nuair a dhearbhaigh sé cearta iomlánacha na monarcachta. Ba é a bhí sa rud eile ná an t-ionradh a rinne Rí Louis na Fraince ar Phalaitíneacht na Réine agus ar an Ísiltír. Tháinig Liam Oráiste chun cinn mar phearsa thábhachtach sa chomhghuaillíocht leathan a tháinig chun cinn in aghaidh na Fraince mar thoradh ar an ionradh sin. Snaidhmeadh an dá shaincheist sin le chéile mar aon ábhar amháin nuair a tháinig Liam, ar nia agus cliamhain Shéamais é, go Sasana i mí na Samhna 1688 agus 15,000 saighdiúir in éineacht leis. Corónaíodh é féin agus a bhean chéile, Máire, iníon Shéamais, mar rí agus mar bhanríon.
Tháinig Séamas i dtír i gCionn tSáile i Márta 1689. Níor éirigh lena chuid fórsaí smacht iomlán a fháil ar an oileán agus sheas Doire go cróga in aghaidh léagair ó mhí Aibreáin go dtí gur tháinig faoiseamh i mí Lúnasa. Lean Liam Séamas go hÉirinn agus bhí sé ag súil nach mbeadh ag teastáil ach cath cinntitheach amháin. Go deimhin, ba é cath na Bóinne, a raibh 36,000 saighdiúir ar thaobh Liam agus 25,000 saighdiúir ar thaobh Shéamais páirteach ann, an cath ba mhó a troideadh riamh roimhe sin ar thalamh na hÉireann. Rud pan-Eorpach a bhí ann mar go raibh saighdiúirí as an Ísiltír, as an Danmhairg, as an nGearmáin, as an Iorua agus as an bPolainn páirteach ann, gan trácht ar na saighdiúirí as an mBreatain agus as Éirinn. Bhí Francaigh ag troid ar an dá thaobh, is é sin, roinnt Protastúnach Úgónach ag troid ar son Liam agus arm 6,500 saighdiúir a chuir Louis ar fáil chun tacú le Séamas.
Tharla an comhrac cinntitheach ag sráidbhaile an tSeandroichid. Tharraing inlíocht chliathánach Liam aird an chuid is mó den arm Seacaibíteach, rud a d’fhág nach raibh ach grúpa beag fágtha a raibh orthu déileáil leis an bpríomhionsaí óna thrí oiread saighdiúirí. Dá ainneoin sin, mhair an troid 12 uair an chloig agus bhí deireadh le dóchas Liam go mbuafadh sé ar na Seacaibítigh i ngluaiseacht phionsúir. Bhí Séamas in ann cúlú siar agus an chuid is mó dá arm in éineacht leis. D’éalaigh sé chun na Fraince trí Bhaile Átha Cliath agus trí Chorcaigh; lean an cuid is mó dá arm Éireannach den troid. Dá bhrí sin, ní raibh Cath na Bóinne cinntitheach: bhí Cath Eachroma, a tharla i mí Iúil 1691, i bhfad níos fuiltí agus bhí sé níos críochnaithí. Ná ní raibh i gCath na Bóinne ach bua simplí seicteach a bhfuil cáil air ó shin: ba Chaitlicigh iad rúidtrúpaí Liam, is e sin, an Garda Gorm Dúitseach, agus i measc a chuid comhghuaillithe áiríodh an Vatacáin agus Vín, inar canadh Te Deum chun bua na Bóinne a cheiliúradh. Os a choinne sin, d’fhan cuid mhór den ordlathas Protastúnach dílis do Shéamas. Dá ainneoin sin, ós rud é go raibh an dá rí i láthair tugadh cumhacht mhiotasach do Chath na Bóinne agus, sa deireadh, ba é sin ba chúis le toradh an chatha a thiontú ina bhua Protastúnach.