READ MORE
Leabhar
Cheanannais
c. 800 AD
Cuirtear ar chomhchéim leis an Séipéal Sistíneach é agus ní comparáid áiféiseach ar fad an méid sin. Ní hamháin gurb é Leabhar Cheanannais an saothar is mó d’amharcealaín na hÉireann ach, ina theannta sin, tá sé i measc na saothar is breátha de chuid ealaín an Iarthair. Difríocht an-mhór amháin idir Leabhar Cheanannais agus an Séipéal Sistíneach, áfach, is ea an tslí ina bhfuil sé greannmhar agus spraíúil agus ina nascann sé a fhís mhór reiligiúnach le daonnacht thíriúil. Tá ábhar grinn ann ar fud an tsaothair: litir atá fadaithe chun corann mhanaigh a léiriú, focal roinnte ina dhá chuid le lapa cait. Ní hionann sin is a rá nach obair dháiríre ar chor ar bith a bhí i gceist leis an leabhar a dhéanamh. Bhí seithe 185 lao ag teastáil chun na leathanaigh pháir a dhéanamh. Tá an raon líocha a úsáideadh le haghaidh na ndathanna – óirpimint, flanndearg, glasar, geirnín agus, b’fhéidir, folium – i bhfad níos mó ná mar a bhí ann i gcás leabhair chomhaimseartha eile. Tá seans ann go raibh físí ceannasach amháin ann mar threoraí don mheitheal manach, mar gur léir gurbh é an lámh chéanna a chruthaigh an lámhscríbhneoireacht agus na híomhánna atá le feiceáil ar chuid mhór de na leathanaigh.
Tá plé fada déanta faoin áit ina ndearnadh an leabhar agus, de réir cuid den phlé sin, rinneadh sa Spáinn é nó rinneadh sa mhainistir mhór in Lindisfarne in Northumbria é (ar moladh é sin atá níos inchreidte). Tá comhdhearcadh ann á rá gur dóigh gur ar oileán Í a rinneadh é, amach ó chósta thiar na hAlban áit ar bhunaigh Naomh Colm Cille mainistir, de chineál Éireannach den chuid is mó, sa bhliain 563. D’fhéadfadh sé go raibh an leabhar beartaithe chun ómós a thabhairt do shaol an naoimh: ón tús tugadh ‘leabhair mór Cholm Cille’ air. Rinne na Lochlannaigh ionradh ar oileán Í sna blianta 802 agus 806 agus theith cuid mhór dá mhanaigh chuig bunáit nua i gCeanannas. Is dóiche ná a mhalairt gur thug siad an chuid is mó den leabhar leo: d’fhéadfadh sé go ndearnadh roinnt oibre air ina dhiaidh sin sa mhainistir nua i gCo. na Mí.
Beag beann ar an stair chruinn a bhaineann leis, is féidir an leabhar a chur i mbaint go daingean le cultúr na hÉireann. Tá na hainmhithe riastraithe, na daoine an-stílithe agus na túslitreacha mór-mhaisithe fréamhaithe i dtraidisiún La Tène na healaíne ‘Ceilteach’ a bhí beo in Éirinn le 1,000 bliain cheana féin faoin am a raibh an naoú haois ann. Tá cuid mhór de na híomhánna d’ainmhithe agus d’éin inchomparáide leo sin a chruthaigh mórghaibhneoirí na hÉireann ach, ar bhealach atá go hiomlán Éireannach freisin, tá cuid mhór sruthanna cultúir ann sa leabhar amhail dealbhóireacht Chruithneach na hAlban agus dearthóireacht Viseagotach agus Chairilínseach na Spáinne, agus, fiú amháin, ealaín Choptach eaglais na hAfraice Thuaidh. De réir dealraimh, thug na manaigh a chruthaigh an leabhar níos mó airde ar an amharc-ealaín shómasach lena maisítear é ná mar a tugadh ar an téacs diaga: tá cuid mhór botún litrithe ann agus, in áit amháin, tá leathanach iomlán ann faoi dhó. Tugann sé sin le fios nach raibh an leabhar beartaithe riamh le haghaidh úsáid phraiticiúil le linn léitheoireachtaí an Aifrinn ach gur réad urghnách ar leith a bhí ann ón tús. Dar leis an staraí Roger Stalley, baineann saibhreas an leabhair leis an méid seo a leanas: greann agus beocht leanúnach na hornáidíochta, úire na líocha, áille sheasmhach na lámhscríbhneoireachta agus débhrí dhodhearmadta na n-íomhánna reiligiúnacha. Is é atá sa bhua atá aige ná gur leabhar diaga é ach nach bhfuil sé sollúnta ar chor ar bith. Mar gheall ar an bhfuinneamh, ar an mbríomhaireacht agus ar an gcruthaitheacht sheasmhach shuáilceach atá ann tá sé mar a bheadh neach beo ann.