READ MORE
Leac
Na Ríogh
Deichiú haois-cúigiú haois déag
I measc na réad is tochtmhaire de chuid stair na hÉireann áirítear ceann ar leith a díothaíodh d’aon ghnó agus go siombalach. Bhí cnoc páirt-choillteach Thulaigh Óg, atá suite ó thuaidh ó Dhún Geanainn i gCo. Thír Eoghain agus a bhfuil radhairc iontacha fairsinge le fáil uaidh ar Shliabh gCallann, ar cheann den iliomad láithreán traidisiúnta deasghnátha ar tháinig pobail le chéile ann agus ar insealbhaíodh ríthe ann. Ba ábhar amhrais iad na láithreáin sin do lucht coilínithe na dTúdarach. Is é a thug an file Edmund Spenser orthu ná áiteanna a thaithíonn ‘all the scum of loose people’. Is maith a thuig na Túdaraigh tábhacht Thulaigh Óg mar ionad insealbhaithe thaoisigh mhuintir Uí Néill. Mharcáil na cartagrafaithe Francis Jobson agus Richard Bartlett é go feiceálach ar a gcuid léarscáileanna de Chúige Uladh – léaráid de chuid Bartlett a fheictear anseo.
Ba é lárphointe an láithreáin cathaoir chloiche garbhshnoite ar ar tugadh ‘leac na ríogh’ a bhfaightear an chéad taifead ina leith in annála na bliana 1432. De réir líníocht mharthanach Bartlett, is cosúil go raibh ceithre chuid ann: bonn garbh (arbh é an chloch bhunaidh é b’fhéidir) ar cuireadh cúl agus taobhanna leis ina dhiaidh sin. Agus d’fhéadfadh sé gur tháinig an chloch bhunaidh sin ó chuid den chnoc a bhí sácráilte mar áit ársa inar tháinig daoine le chéile. Tá an seandálaí Elizabeth Fitzpatrick den tuairim go bhféadfadh sé gur ghlac Cenél nEogain – sinsir mhuintir luath-mheánaoiseach Uí Néill – chucu féin í nuair a ghabh siad ríocht Airgialla agus nuair a bhunaigh siad a láithreán nua insealbhaithe ríthe ag Tulaigh Óg sa deichiú haois.
Is dócha, le fírinne, gur léirigh an chloch traidisiún a bhain leis an tréimhse Réamh-Chríostaí. Is ar éigin a bhí aon athrú déanta ar a cruth bunaidh ach is gné í a fágadh mar sin d’aon ghnó. Le linn an inseabhaithe, pósadh an rí le bandia an fhlaithis, rud a léiríonn an talamh as ar tarraingíodh an chloch. Bhí sé i gceist go léireodh an cruth garbh, beagnach nádúrtha, rud éigin ársa agus príomhúil.
Bhí ról tábhachtach ag Leac na Ríogh maidir le héirí amach Aoidh Uí Néill in aghaidh na dTúdarach agus maidir leis an tslí inar bhunaigh sé é féin mar thaoiseach Gaelach. Arsa Sir Henry Bagenal sa bhliain 1595:
Old O’Neyle is dead and the Traitour gone to the stone to receave that name.
Ag tús mhí Mheán Fómhair 1602, naoi mí tar éis Chath Chionn tSáile, tháinig Fear Ionaid an Rí, Mountjoy, go Tulaigh Óg, agus é i mbun ruathair ar Thír Eoghain. Déantar trácht ar an ruathar mar a leanas:
[he] spoiled the corn of all the country…and brake down the chair wherin the O’Neals were wont to be created, being of stone planted in the open field.
Deirtear gur coinníodh na píosaí den leac in úllord theach gléibe na heaglaise Protastúnaí go dtí an bhliain 1776 nuair a tugadh an ceann deireanach díobh chun bealaigh. Bhí aguisín íorónta ann, áfach. Phós iníon Uí Neill, darbh ainm Sorcha, duine de mhuintir Mhic Aonghusa, agus ba dhuine dá sliocht í an Bhantiarna Glamis. Sa bhliain 1900, rugadh iníon dise, is é sin le rá, Elizabeth Bowes-Lyon. Is í iníon s’aicise sealbhóir reatha chathaoir ríoga na Breataine.