READ MORE
Gaiste Éisc
Méisiliteach
c.5000RC
Níl cuma ró-iontach air seo: roinnt craobhóg beag mín fite fuaite ina chéile agus iad sáite i móin ó phortach i mBaile Uí Chlúmháin i gCo. Na Mí. Ach, ba loch é an portach tráth agus tá sé dochreidte gur mhair na craobhóga fite: cuid de ghaiste cónúil ata ann agus d’úsáid luatháitritheoirí na hÉireann é chun iasc a scaobadh amach as an loch nó chun iasc a ghabháil i gcora. De réir tástálacha radacarbóin, baineann sé leis an tréimhse idir 5210 agus 4970 RC. Tá fíneáltacht na hoibre tar éis maireachtáil ar feadh na mílte bliain. Lámha lúfara a shnaidhm le chéile na slaitíní óga fearnóige agus beithe a bailíodh ó imeall coillte dlútha a chlúdaigh an talamh an tráth sin. Tá an teicníocht dlúith agus innigh cosúil leis an modh sníofa éadaigh a tháinig chun cinn i bhfad níos déanaí i stair an chine dhaonna. D’fhéadfaí a rá gur dearadh clasaiceach é dearadh ghaiste na hÉireann: tá nithe den tsamhail chéanna á n-úsáid fós ar fud an domhain.
Bhí na daoine a rinne an gaiste seo an-oilte maidir le húsáid a bhaint as rudaí a bhí thart orthu. Rinne siad botháin chiorclacha ar déanamh pubaill trí úsáid a bhaint as buinneáin; rinne siad sceana agus uirlisí eile as breochloch agus seirt ach, de réir mar a thugtar le fios tríd an ngaiste, ba aois adhmaid é sin chomh maith lena bheith ina haois cloiche. Rinne siad foráiste, fiach agus iascaireacht agus, de réir a chéile, d’fhág siad rian an duine ar thírdhreach a bhí gan athrú roimhe sin. I dtéarmaí stair an duine, is tír an-nua í Éire. Tugann nithe ar thángthas orthu le déanaí le fios go bhféadfadh sé gur thosaigh gluaiseacht ár speicis amach as an Afraic níos mó ná 125,000 bliain ó shin. Tá fianaise le fáil ar lonnaíocht sa Bhreatain ag daoine cosúil linn féin chomh fada siar le 40,000 bliain ó shin ach níl aon fhianaise ar lonnaíocht ag daoine in Éirinn roimh an mbliain 8000 RC.
Nuair a tháinig fiagaithe/cnuasaitheoirí ón mBreatain ar dtús, tháinig siad chuig tír dhlúthfhoraoisithe ina raibh aeráid mheasartha agus flúirse ainmhithe, lena n-áirítear muca fiáine, mic tíre agus béir (ach ní raibh fianna ann fós). Bhí breaca donna, bradáin agus eascanna ann go fairsing in aibhneacha agus i lochanna. Ní de thaisme a bhí na lonnaíochtaí is túisce atá aimsithe in Éirinn go dtí seo, ag Cill Santail, i gCo. Dhoire, agus ag Loch na Buaraí, i gCo. Uíbh Fhailí, suite gar don uisce. D’fhéadfadh sé gur ghnách leis na daoine a rinne gaiste Bhaile Uí Chlúmháin bogadh ó áit go háit de réir an tséasúir a bhí ann, agus iad ag lorg na bhfoinsí bia ab fhearr a bhí acu. Is dócha nár mheas siad gur bhain siad le grúpa mór aonair uileghabhálach. Ach bhí na huirlisí breochloiche a bhí á ndéanamh acu ag éirí sainiúil agus éagsú…il leis na huirlisí sa Bhreatain. Go mall agus go neamh-chomhfhiosach, bhí Éire ag teacht chun cinn mar spás ar leith do dhaoine.