READ MORE
Taisce an
Mhúcháin Thuaidh
c.800RC
Rud beag níos giorra ná 3,000 bliain ó dhin, bhí duine éigin in Éirinn an-saibhir go deo. I mí an Mhárta 1854, d’ordaigh saoiste do roinnt oibrithe a bhí ag obair ar thógáil Iarnród an Chláir Thiar, gar do Chora Chaitlín, díog a bhí ann in aice le loch beag an Mhúcháin a dhíriú. Bhog siad cloch agus tháinig siad ar seomra beag garbh agus leac ar a bharr. Nuair a d’oscail siad an seomra nocht siad ceann de na taiscí óir Cré-Umhaoise ba mhó dár aimsíodh riamh in iarthar nó i dtuaisceart na hEorpa. Líon na hoibrithe a gcuid pócaí agus fuair siad réidh lena sciartha trína ndíol le déileálaithe taistil. Rinneadh cuid mhór míreanna a leá ach tá fianaise ann a léiríonn go raibh 138 mbráisléad, ocht mbóna, dhá thorc b’fhéidir, agus ceithre mhír eile ann: 150 réad ar fad agus iad go léir déanta as ór.
Ní rudaí iontacha iad, iontu féin, na 29 réad atá ar marthain fós agus atá i seilbh Ard-Mhúsaem na hÉireann, i mBaile Átha Cliath, agus Mhúsaem na Breataine, i Londain. Tá na bónaí óir sainiúil ach níl siad saothraithe ar bhealach chomh maith le cuid mhór samplaí eile a bhaineann leis an tréimhse seo. Is é atá sa chuid is mó de na míreanna sa taisce ná bráisléid shimplí a dtugann a ndearadh aonfhoirmeach, tríd is tríd, le fios nach raibh i gceist leo ach bealach chun ór a stóráil. Is é atá sa rud urghnách a bhaineann leo ná scála mór an tsaibhris a léiríonn siad.
Bhí dún mór feiceálach ann sa Mhúchán: bhí trí cinn de rampair chloiche chomhlárnacha thart air, chuimsigh sé tuairim is 12 heicteár agus bhí radhairc leathana le fáil uaidh ar inbhear na Sionainne. D’fhéadfadh sé gur lárionad deasghnátha a bhí sa dún agus é ag fónamh mar phríomhionad an réigiúin máguaird. Taispeánann anailís phailine ó loch an Mhúcháin go raibh dianfheirmeoireacht ar siúl sa cheantar an tráth sin. Ach tugann saibhreas an taisce le fios go raibh inbhear na Sionainne á úsáid freisin chun iascaireacht agus trádáil a dhéanamh. Ní mór go raibh tréimhse fhada cobhsaíochta agus rathúnais ann a d’fhág go rabhthas in ann saibhreas den sórt sin a charnadh.
Tá taiscí ollmhóra eile ann ón tréimhse seo, go háirithe ceann amháin ina bhfuil 200 réad cré-umha ó Dowris, gar do Bhiorra, i gCo. Uíbh Fhailí. Thug an fhionnachtain mhór sin a hainm do mhórchéim na Cré-Umhaoise Déanaí in Éirinn. Thángthas ar thaisce Dowris gar do dhobharlach ar a dtugtar Loch Coura. Níl an loch ar marthain a thuilleadh ach, ag tús an naoú haois déag, ba chuid de limistéar uisce oscailte é. Ag deireadh na tréimhse réamhstaire, is dócha go raibh sé i bhfad níos fairsinge. Cuireadh an téarma taisce i mbaint le fionnachtain Dowris ós rud é gur glacadh leis gurbh ionann é agus bailiúchán réad ar taisceadh gach ceann acu an tráth céanna, ach tugann raon an ábhair agus a chomhthéacs uisciúil go bhféadfadh sé gur shraith ilchineálach réad atá ann (claimhte, sleánna, coirí. coirn cré-umha) a taisceadh thar roinnt céadta bliain.
An ndearnadh taiscí Dowris agus an Mhúcháin agus taiscí eile a chur sa talamh mar ofrálacha móideacha do na déithe nó ar cuireadh sa talamh iad ar mhaithe le slánchoimeád amháin? D’fhéadfadh sé go léiríonn suíomh thaisce an Mhúcháin, is é sin, gar do loch, gurb é an chéad mhíniú atá i gceist ach tugann an seomra cloiche inar cuireadh é le fios go raibh sé i gceist go mbeadh teacht ag a úinéirí ar an ór. Insíonn taiscí den sórt seo scéal faoi mhian an duine ina gcuimsítear saibhreas ábharthach a chosaint, cuimhní a chaomhnú agus sásamh cumhachtaí osnádúrtha. Bealach amháin nó bealach eile, insíonn taisce an Mhúcháin dúinn faoi Éirinn ar saintréithe de, dar leis na seandálaithe Andrew Halpin agus Conor Newman, ‘seansaibhreas, cobhsaíocht agus aonchineálacht chultúir’. Sa bhrí litriúil ar a laghad, ba aois órga é seo. Dála na n-aoiseanna go léir dá sórt, ní raibh sí le maireachtáil go deo.