READ MORE
Murlán Dhún
Uabhair
700-720
Aimsíodh an réad seo sa bhliain 1984 ar bhruach abhann i nDún Uabhair, Contae na Mí, agus táthar beagnach cinnte gur murlán é do dhoras eaglaise. Insíonn an ghalántacht agus an tsofaisticiúlacht a bhaineann leis dúinn cé chomh forbartha agus a bhí mainistreacha na hÉireann i gcomparáid leis an spreagadh de chineál aiséiteach a bhain lena mbunú. Nochtann na tréithe sin tréimhse ar léir ina leith go raibh sí rachmasach agus ar lena linn a bhí an eaglais comhtháite go hiomlán isteach i struchtúir na cumhachta. Is ionann an murlán agus léiriú mórthaibhseach ardmhuiníneach ar mháistreacht theicneolaíoch. Tá trí phíosa ann ina chomhdhéanamh: pláta ciorclach de chré-umha stánaithe agus é greanta go hálainn, ceann iontach leoin a rinneadh le múnla céarach, is dócha, agus fráma a teilgeadh ó mhúnla dhá phíosa, is dócha. Maidir le súile an leoin, gloine dhonn ionsuite atá iontu agus cuma ómra orthu.
De bhreis ar an tsofaisticiúlacht theicneolaíoch a bhaineann leis, tugann obair ealaíne an mhurláin fianaise dúinn ar iltíreachas féinmhuiníneach. Is léir go bhfuil ceann an leoin bunaithe ar thraidisiúin Rómhánacha (úsáideadh íomhánna den tsamhail chéanna i dteampaill Rómhánacha) agus ar ícónagrafaíocht bhíobalta (is minic an leon a bheith ina shiombail don soiscéalaí N Marcas). Ar leibhéal níos sonraí, tá an maisiúchán ar cheann an leoin seo inchomparáide le cuid den mhaisiúchán i Soiscéil Lindisfarne, is é sin, an lámhscríbhinn mhaisithe iontach as Northumbria. Tá tionchair Éireannacha, Chruithneacha, Rómhánacha-Bhriotanacha agus Angla-Shacsanacha measctha le chéile chun stobhach bríomhar amharcstíleanna a chur ar fáil. Tá íomhá an leoin mar dhoirseoir ina híomhá choitianta de chineál Eorpach: mar shampla, faightear é ar dhoras séipéil i bpálás impire na bhFranc, Charlemagne in Aachen.
Tá an méid sin ar fad éagsúil go hiomlán le tionscnamh an mhanachais i bhfásaigh na hAfraice Thuaidh agus na hÁise Bige, is é sin, bealach chun éalú ó achrann an ghnáthshaoil. Is cinnte gur mhair an tréith aiséiteach sin in Éirinn, go háirithe in iargúltacht lom na lonnaíochta ar Sceilg Mhichíl, amach ó chósta Chiarraí, ach níl aon ghné lom ag baint le murlán Dhún Uabhair. Ina ionad sin, léiríonn sé eaglais atá saolta, iltíreach agus naisc aici leis an saol polaitíochta áitiúil agus le treochtaí idirnáisiúnta araon. Tá sé suntasach, go deimhin, gur mhothaigh manaigh Éireannacha a bhí ag iarraidh idéal manachúil bunaidh na díthreibhe a bhaint amach go raibh gá le dul go dtí an Sceilg, nó, faoin naoú haois, go hÍoslainn fiú amháin. Tugann an gá le dul go dtí áiteanna imeallacha den sórt sin le fios go raibh feasacht ann go raibh na mainistreacha príomhshrutha ag éirí níos tábhachtaí ná riamh i saol eacnamaíochta agus polaitíochta na tíre. Bhí siad faoi phátrúntacht na ríoraí cumhachtacha áitiúla, agus bhí siad fite fuaite leo, ar ríoraí iad a raibh ceannas acu ar shochaí a bhí ag leathnú agus ag éirí níos táirgiúla.
Ba thréimhse í seo ina raibh glanadh foraoisí ar siúl, ina raibh leathnú a dhéanamh ar fhairsinge na talún curaíochta agus ina raibh líon chomh mór le 50,000 lios á dtógáil mar imfhálú d’fheirmeoirí saibhre. Bhí an eaglais ina chuid thábhachtach d’Éirinn a bhí ag leathnú an tráth sin. Ba eaglais í sin a bhí chomh muiníneach sin gur ghlac sí páirt i ndíospóidí fada leis an Róimh faoin dáta ceart don fhéile Chríostaí is tábhachtaí, is é sin, an Cháisc. Bhí smaointe nua á bhforbairt aici faoi oilithreacht agus faoi aithreachas ar smaointe iad a raibh tionchar mór acu ar an gCríostaíocht ina hiomláine; agus ní raibh aiféaltas uirthi a saibhreas agus a sofaisticiúlacht a thaispeáint ar dhoras eaglaise.