READ MORE
Mála
Neoiliteach
3800-2500RC
I dtosach báire, tá sé cosúil le giota de mhata garbh scothghlas a d’fheicfí in árasán mic léinn le linn bhlianta na 1970-idí. Le fírinne, mála 5,000 bliain d’aois atá ann: is rud an-tearc é atá ar marthain fós agus tá sé ina chuid de thaifead Neoiliteach na hÉireann ar rudaí atá déanta as ábhar orgánach. Thángthas air i bportach in Twyford, Co. na hIarmhí, agus rinneadh é trí shliseanna fada adhmaid a chornadh ina mbíseanna a ceanglaíodh le chéile ansin le hábhar níos éadroime de chineál féir. Ina dhiaidh sin, sníomhadh an dá thaobh le chéile feadh séama agus greamaíodh lámhghreimeanna de. D’fhágfadh sé sin gur mála ciorclach, de chineál sparáin, a bhí ann, agus é thart ar 40cm ar trastomhas agus oscailt bheag aige ar a bharr. Is dócha gur ruaimníodh é le go mbeadh dath ann. Tugann sé léargas ar ghnáthshaol laethúil na luathfheirmeoirí in Éirinn. Cé nach féidir linn a bheith deimhin de, tá gach seans ann gur bean a rinne é agus a d’úsáid é.
Tá málaí den tsamhail chéanna aimsithe ar fud an domhain: baineann an teicníocht leis an Meán-Oirthear thart ar an mbliain 4800RC agus úsáidtear fós í i measc daoine de chuid cultúr dúchasach. Le fírinne, is é atá sa bhealach is fearr chun tuiscint a fháil ar mhála Twyford na féachaint ar shampla atá an-chosúil leis, ach ar sampla iomlán Bundúchasach de chuid na hAstráile é a bhaineann leis an naoú haois déag agus atá le feiceáil in Ard-Mhúsaem na hÉireann freisin. Tugann mála Twyford siar sinn chuig gnáthshaol laethúil mhuintir na hÉireann sa cheathrú mílaois RC. Tá an chuid is mó de na rudaí a bhaineann leis an ré sin agus atá ar marthain fós déanta as cloch crua agus, de ghnáth, tá baint ag na rudaí sin le deasghnátha, le bás agus le cumhacht; gabhann gné dhrámatúil an fhoréigin agus na mistéire leo; agus tá saintréith fhireann ag baint leo den chuid is mó. Nuair a fhéachann duine ar mhála simplí a bhféadfaí é a cheannach i margadh eitneach i gcathair nua-aoiseach, agus nuair a shamhlaítear go bhfuil sé á iompar ag bean Neoiliteach agus í ag bailiú plandaí nó cnónna, cuirtear i gcuimhne do dhuine go raibh an saol lán de rudaí agus de thascanna coitianta an tráth sin mar atá fíor sa lá atá inniu ann.
Cad atá ar eolas againn faoi ghnáthshaol na ndaoine a mhair an tráth sin?Saol gairid a bhí ann de réir chaighdeáin an ama i láthair;Ní fheadfadh an chuid is mó daoine a bheith ag súil le saol mórán níos faide ná 30 bliain.Is dócha go raibh an airde chéanna ag daoine agus a bhí ag daoine le linn bhlianta na 1930-idí;bhí na fir a bhfuarthas a gcnámharlaigh san Eanach i gCo. Luimnigh thart ar 170cm (5 tr 7 or) ar airde.Agus, ar bhonn na gcnámharlach ar thángthas orthu san Eanach, d’oibrigh siad go crua ach ní chomh crua céanna lena gcontapháirtithe meánaoiseacha in Éirinn.Is dócha gur chaith siad éadaí leathair agus teicstíle sníofa, amhail líon.
Is eol dúinn freisin go raibh claonadh méadaitheach ann ina measc cónaí le chéile i lonnaíochtaí measartha mór ina raibh tithe adhmaid a bhí líneáilte le caolach agus dóib agus ar a raibh díon tuí.Bhí pobail ag socrú síos ar bhonn buan.Faoin am a rinneadh an mála seo, is dócha go raibh cónaí ar a úinéir i sochaí a mhothaigh go raibh sí seanbhunaithe.