READ MORE
Babhla
Neoiliteach
c. 3500RC
Tá an babhla sách simplí, agus é an-dorcha agus dromchlaí sciomartha air mar aon le maisiúcháin measartha garbh ina bhfuil pátrún laitíseach. D’fhéadfadh sé gur úsáideadh é mar shoitheach óil agus fuarthas soithí den tsamhail chéanna in áiteanna eile in Éirinn.
Ach, mar gheall ar an gcomhthéacs inar aimsíodh é, cuireann an gnáthréad coitianta seo cuid mhór faisnéise in iúl dúinn. Insíonn sé cuid mhór dúinn faoi shaol cuid de na feirmeoirí is túisce de chuid na hÉireann. Thángthas air sa bhliain 1992, in éineacht le hiarsmaí trí phota eile, in uaimh bheag san Eanach, in oirthear Chontae Luimnigh, ina raibh trí chnámharlach iomlána, dhá shraith eile de thaisí páirteacha, cnámha éagsúla ainmhithe agus lann bhreochloiche agus ceann saighde Insíonn an babhla agus na potaí dúinn go raibh na daoine ina bhfeirmeoirí; insíonn na réada eile dúinn go raibh siad ina sealgairí agus ina ngaiscígh freisin.
Dá bhrí sin, nochtann an uaigh ársa seo dhá rud mhóra. Ceann amháin díobh is ea go raibh cuid mhaith foréigin ann i gcomhthráth le forbairt na talmhaíochta. De réir dealraimh, ba churaidh nó laochra áitiúla iad na fir a roghnaíodh lena n-adhlacadh sa Eanach. Bhí beirt acu sna caogaidí nuair a fuair siad bás – 20 bliain níos sine ná an ghnáthaois bháis. Foréigean ba chúis le bás an triúir ar fad: Bhí díobhálacha móra ag beirt acu ar a gcloigeann, bhí srón bhriste ag duine amháin acu agus bhí easna bhriste ag duine amháin acu. I gcás amháin bhí an buille ar an gcloigeann chomh trom sin go gcaithfidh sé gur le tabhall a bualadh é. Taobh le gné comóntachta an bhabhla, aimsíodh comharthaí ar choimhlint bhrúidiúil.
An rud eile atá le foghlaim ón Eanach na nár tharla an t-athrú chuig talmhaíocht ag an aon am amháin; choinnigh daoine a naisc shóisialta agus a naisc chultúir le slí mhaireachtála de chineál níos sine agus níos fiáine. Ba obair chrua í an talamh a réiteach: taispeánann na cnámharlaigh an caitheamh agus an chuimilt a bhain le saol crua na ndaoine agus le hiompar meáchan trom. B’éigean an chríoch a bhí saothraithe go maith acu a chosaint agus, ar an taobh eile den scéal, ba dhuais tharraingteach an chríoch chéanna do choimhthígh.
Baineann an uaigh san Eanach le tréimhse thart ar 500 bliain níos luaithe ná na mórthuamaí pasáiste Neoliteacha, amhail Sí an Bhrú, ach d’fhéadfadh sé go léiríonn sí an tslí inar coimeádadh cleachtais chultúir de chineál níos sine fós. I dtaca leis sin de, tá brí ar leith ag baint le leagan amach cúramach fhearais an tsealgaire (lann agus ceann saighde), agus cnámha ainmhithe in éineacht leo. Tugadh na cnámha ainmhithe isteach san uaimh d’aon turas agus is léiriú iad ar an seandomhan fiáin agus ar an ord nua talmhaíochta araon. Cnámha béir, mic tíre agus toirc atá ann – is é sin, ainmhithe na foraoise. Tá cnámha caorach agus eallaigh ann freisin – is é sin, na beithígh chlóis a choimeádann feirmeoirí. Creideann Raghnall Ó Floinn, as Ard-Mhúsaem na hÉireann, a bhí i gceannas ar an tochailt san Eanach, go bhfuil an leagan amach de chineál a socraíodh d’aon ghnó agus go léiríonn sé cultúr atá i lár tréimhse fhada athraithe. Ba í an fheirmeoireacht an tslí bheatha ba choitianta a bhí ann ach bhí spéis ag daoine sa saol fiáin i gcónaí. Fiú amháin agus iad ag réiteach na talún agus ag buachailleacht an eallaigh, d’fhéadfadh sé gur mheas na laochra áitiúla sin gur sealgairí mórtasacha iad fós.