READ MORE
Péire Dioscaí
Óir
2200-2000RC
D’fhéadfadh sé gur tháinig miotalóireacht go hÉirinn ag céim dhéanach sa stair ach, ina dhiaidh sin, tháinig an t-oileán chun bheith ar cheann le na hionaid táirgthe miotail is tábhachtaí dá raibh ann san Eoraip. Bhí acmhainní móra copair agus óir ag Éirinn: Is é sin le rá, foinsí nua saibhris agus cumhachta.
Rinne gaibhne luatha tuanna copair agus thrádáil siad iad le daoine sa Bhreatain. Is léir gur thrádáil dhá threo an trádáil sin nuair a dhéantar scrúdú ar fhorbairt réad cré-umha. Is dócha gurbh as Devon agus as Corn na Breataine a tháinig an stán a cómhiotlaíodh le copar chun an cré-umha a dhéanamh, Ba ghníomhaíocht chultúir é saothrú miotail, chomh maith le gníomhaíocht eacnamaíochta a bheith ann. Suas go dtí tús na ré nua-aoisí, fiú amháin, bhí daoine den tuairim go raibh an ailcheimic – is é sin, substaint amháin a thiontú ina substaint eile – bunaithe ar eolaíocht agus ar dhraíocht araon. Sa Chré-Umhaois Luath, ní mór gur mhothaigh na gaibhneoirí go raibh gné dhraíochta ag baint lena gcumas chun carraig gharbh a thiontú ina réada geala drilseacha. Agus caithfidh sé go raibh sé sin fíor i gcás an óir go háirithe, gan teirce an óir a chur san áireamh. Bhí na daoine a chriathraigh ór i srutháin agus in aibhneacha sna Beanna Boirche tar éis dianchuardach a dhéanamh ar rud arbh eol dóibh ina leith go raibh luach ar leith ag baint leis. Is ag an ór a bhí an luan ba ghile an tráth sin i dtaca le cúrsaí deasghnátha de, agus tá an luan geal sin ag baint le hór fós sa lá atá inniu ann.
Ta nasc nádúrtha ann idir gile an óir agus cumhacht na gréine. I dteangacha Ind-Eorpacha, lena n-áirítear an teanga a bhí a labhairt in Éirinn sa Chré-Umhaois, tagann an focal ar ‘dia’ ó phréamh lena ngabhann brí ‘lonraigh’. Is eol dúinn ó thuamaí meigiliteacha na hÉireann, de chineál níos sine, go raibh brí dhomhain ag baint le deasghnátha na gréine. Ós rud é go raibh dioscaí maisithe óir leatháin á gcruthú, tugtar le fios go raibh cuid de na deasghnatha sin dírithe ar réada óir an tráth áirithe sin. Is dócha go raibh siad sin greamaithe d’ábhar taca agus d’fhéadfadh sé gur caitheadh iad chun ardstádas polaitíochta nó ardstádas reiligiúin, nó iad araon, a chur in iúl.
Is iad na dioscaí seo, as Tigh Damhnata i gCo. Mhuineacháin, na cinn is mó agus is sofaisticiúla ar fad ar thángthas orthu fós agus tá na crosa atá orthu maisithe le sraitheanna poncanna, línte agus pátrúin fhiarlánacha a cruthaíodh trí úsáid a bhaint as teicníochtaí éagsúla. Creidtear, i gcoitinne, go bhfuil siad bainteach le cultas gréine agus go bhfuil na cruthanna crosdealbhacha atá ann sa dearadh ceaptha chun gathanna slánaithe na gréine a léiriú. Is beag an méid fianaise dírí atá ann ar an gcultas sin in Éirinn ach, ar íomhánna ealaíne carraige a bhaineann leis an tréimhse chéanna sa Danmhairg, taispeántar daoine agus iad ag adhradh na gréine rud a chuirtear in iúl sa tslí chéanna atá i gceist ar dhioscaí na hÉireann. D’fhéadfadh sé gur bandia seachas dia fireann a bhí i gceist leis an ngrian sa chultas sin. Léirmhíniú amháin a thugtar ar na dioscaí óir is ea gur leagadh iad, mar bhrollaigh shiombaileacha, ar chliabhrach rí chun íomhá a chruthú a dhéanfadh nasc idir an ceannaire agus an dia slánaithe. Más fíor an méid sin, baineann na dioscaí le traidisiún Éireannach trínar cuireadh an ríogacht i mbaint leis an ngrian ar traidisiún é a mhair ar feadh tréimhse fhada tar éis theacht na Críostaíochta.