READ MORE
Leacóg an Chéasta
ó Rinn na gCeann
An t-ochtú/naoú haois
Ar an gcéad amharc, d’fhéadfaí a cheapadh go mbaineann an phlaic seo, atá déanta as leathán tanaí cóimhiotail copair agus a bhí greamaithe, i dtosach báire, de chineál éigin taca adhmaid nó miotail, le haon áit san Eoraip mheánaoiseach. Léiriú ar Chríost ar Chroch an Chéasta atá ann. Tá aingeal le feiceáil ar foluain ar gach taobh dá cheann; ar an taobh clé, feictear an saighdiúir Rómhánach a thairg spúinse ar maos le fínéagar d’Íosa; ar an taobh deas, feictear an saighdiúir a sháigh sleá ina thaobh. Bhí an cineál seo íocónagrafaíochta á úsáid san Eoraip le thart ar 200 bliain sula ndearnadh an mhír seo in Éirinn.
Aimsíodh an leacóg seo i dtailte eaglais Naomh Eoin ar chladach Loch Rí i Rinn na gCeann, Co. Ros Comáin, agus cé go mbíodh sé níos lonraí agus níos óraithe ná mar tá sé anois is réad fíorspéisiúil é ar dhá shlí fhíorspéisiúla. Ar an gcéad dul síos, cé gur cosúil gur gnáthíomhá atá ann is íomhá í, le fírinne, a bhí an-tearc in Éirinn an tráth sin. Is é an ghné is suntasaí a bhaineann le healaín na hÉireann an tráth sin an tslí nach ndéantar iarracht cruth an duine a léiriú ná íomhánna a úsáid chun scéalta a insint. Ní hé nach raibh ealaíontóirí na hÉireann in ann déileáil le fíoracha daonna – rinne siad sin ar chrosa arda – is é atá i gceist ná gur roghnaigh siad gan an méid sin a dhéanamh. Ba mhó a spéis a bhí acu, agus ag a bpátrúin, is dócha, san fhíolagrán fantaiseach agus sna cruthanna iontacha a raibh ardoilteacht acu ina leith agus nach raibh a sárú le fáil san Eoraip.
De réir Raghnaill Uí Fhloinn as an Ard-Mhúsaem, is é atá i Leacóg Céasta Rinn na gCeann ná ‘an t-aon léiriú insinte amháin de chuid ré chomh luath sin atá againn. Tá blúiríní de cuid réada eile ann, ar réada iad de chineál atá comhchosúil leis seo, b’fhéidir, ach níl ach fíorbheagán díobh ann.’ Chomh maith leis an teirce sin, is é atá sa ghné iontach eile a bhaineann leis an Leacóg Céasta seo ná an ghné fhíorÉireannach a bhaineann léi. D’fhéadfadh sé gur gnáthíomhá de chuid na Críostaíochta í an bhuníomhá ach is sainiúil an tslí ina ndéileáiltear léi. Má fhéachann duine go géar uirthi, ní hamháin go bhfeictear réad adhartha Chríostaí ach, ina theannta sin, feictear ráiteas dea-chumtha faoin tslí ina ndearnadh muintir na hÉireann a sintéis féin i leith na Críostaíochta agus i leith cultúr níos sine. Tá aghaidh Chríost, a bhfuil cuma maisc uirthi, ag féachaint díreach chun tosaigh agus tá stánadh righin uirthi atá cosúil, ar bhealach aisteach, le Ceann Chorr Leice de chuid na ré réamh-Chríostaí, is é sin, 600 bliain roimhe sin, b’fhéidir. Níl Íosa marbh san íomhá seo; tá a shúile oscailte agus íomhá chaithréimeach atá ann. Rud níos iontaí fós is ea an chuma atá ar chliabhrach Chríost. Ní hionann é agus an ghnáthíomhá a bhaineann le Céasadh Chríost. Le fírinne, tá sé mar a bheadh lúireach ann ar a bhfuil trí cinn de scrollaí C-chruthacha ‘droim le droim’. Tá bís-chruthanna triaracha comhchosúla ann os cionn cheann Chríost agus ar eití na n-aingeal – tré triarach. Is gnáthíomhá de chuid na hÉireann í sin, ar íomhá í a bhaineann leis an Iarnaois agus le ré níos faide siar ná sin. De réir dealraimh, tá iarracht den Éireannachas ag baint le hÍosa fiú amháin.