READ MORE
Siogairlín
Salamandair
c. 1588
Fuarthas an siogairlín seodmhar seo a bhfuil cuma ghalánta air, ar bhealach aisteach, ó láthair longbhriseadh an ghailias Spáinnigh darb ainm La Girona a chuaigh go tóin poill ar chósta thuaisceart Aontroma i bhfómhar na bliana 1588. Bhí an Girona ina cuid den loingeas gabhála ba mhó riamh, is é sin, an mhórarmáid ina raibh 130 long agus a chuaigh chun farraige as Liospóin ar an 30 Bealtaine 1588. Ba é ab aidhm don loingeas sin, mar chuid de chrosáid Philib II in aghaidh ‘eiricigh’ Phrotastúnacha, ná an ruaig a chur ar Eilís I agus, is dócha, monarcacht Chaitliceach a athbhunú. (Bhí Pilib pósta ar dheirfiúr Eilíse, is é sin, réamhtheachtaí Eilíse, Máire.) Bhí cogadh ionadach ar siúl cheana féin idir an Spáinn agus Sasana san Ísiltír; theastaigh ó Philib bua cuimsitheach a fháil. Bhí stór mór lóin cogaidh ann ar bord na long, lena n-áirítear gunnaí móra léigir a bhí beartaithe chun ballaí Londan a réabadh.
Léiríonn an siogairlín cumhacht impiriúil agus tionchar tráchtála na Spáinne. Tá sé déanta as ór agus is dócha gur tháinig an t-ór sin as coilíneachtaí na Spáinne i ndomhan úr Mheiriceá. D’fhéadfadh sé gur as deisceart na hÁise a tháinig na rúibíní a bhí ann chun a chnámh droma agus a eireaball a rianú – tá trí cinn de na naoi rúibín bunaidh ann fós. Cuireann an cheardaíocht bhreá atá ann i mionsonraí na ngainní, na gcrúb agus an eireabaill le galántacht an réada. Is fíorlaghairt é an salamandar ach, ina theannta sin, is neach miotasach é ag a bhfuil an cumas draíochta teacht slán as tine agus tine a mhúchadh. Dá bhrí sin, i gcás an oifigigh a chaith an siogairlín, d’fhóin sé mar a bheadh ortha chosantach ann in aghaidh na contúirte a bhain le troid a dhéanamh ar long adhmaid.
Agus tharla go raibh an gá leis an ortha níos mó ná mar a cheap an t-úinéir nuair a chuaigh an Girona chun farraige. Mar thoradh ar inlíochtaí na Sasanach, agus de bharr gaotha neamhfhabhracha i Muir nIocht, cuireadh moill ar an armáid agus ní raibh an dara rogha acu ach iarracht a dhéanamh filleadh ar an Spáinn. Thug ceannasaí na harmáide, Medina Sidonia, foláireamh dá chuid captaen á rá leo a bheith an-chúramach ar eagla go dtiocfaidís ar oileán na hÉireann agus go mbainfeadh díobháil dóibh ar chósta na hÉireann. Rinne drochaimsir an Atlantaigh dochar mór: bhí an Girona i measc 26 long ar a laghad a briseadh amach ó chósta na hÉireann.
Bhí criú 600 duine ar bord chomh maith le 700 duine eile ar tharrtháil an Girona iad ó shoithí eile de chuid na harmáide a briseadh. I measc na ndaoine a bádh bhí an captaen, Fabricio Spinola, agus duine de cheannasaithe sinsearacha an loingis, Alonso de Leiva. Mar ba ghnách i gcás cogaí idir impireachtaí, ba shaighdiúirí coise anaithnide iad formhór na dtaismeach. Ceaptar nár tháinig ach seisear slán ó La Girona. I gcás na ndaoine ar éirigh leo teacht i dtír, ní raibh an mhórthír níos sábháilte ná an fharraige. Thug Fear Ionaid na Banríona, Fitzwilliam, treoracha gach Spáinneach a ghabháil agus a chur chun báis. San iomlán, bádh nó maraíodh thart ar 5,000 Spáinneach agus mharaigh tiarnaí Éireannacha cuid mhór acu mar go raibh eagla orthu roimh na Spáinnigh nó roimh an rialtas. Ach gabhadh roinnt daoine uaisle agus fuasclaíodh iad ina dhiaidh sin agus, i gcás daoine eile díobh, go háirithe an Captaen Francisco de Cuéllar, thug tiarnaí Éireannacha tearmann dóibh go dtí go rabhthas in ann iad a chur ar ais i ngan fhios chun na Spáinne. Tá cuimhne ar bhriseadh na long agus ar Spáinnigh a tháinig i dtír le fáil i logainmneacha amhail Carraig na Spáinneach agus Port na Spáinneach. Dá ainneoin sin, bhí éifeacht mhór ar Éirinn ag teip na harmáide agus ag comhdhlúthú mhonarcacht Phrotastúnach Shasana ina dhiaidh sin.