READ MORE
Táibléid Chéarach
Dhroim an tSeagail
deireadh an 6ú hAois
Sa bhliain 1913, tháinig fear a bhí ag baint móna i nDroim an tSeagail, Baile Shudarlan, Co. Aontroma, ar an tsraith seo ina raibh sé tháibléad iúir agus iad coinnithe le chéile le strapaí leathair. Tá na táibléid istigh tollta ar an dá thaobh agus, ar an dóigh sin, foirmítear na leathanaigh i leabhar beag adhmaid. Tá na dromchlaí istigh sin líonta le céir ar scríobh duine éigin téacs bíobalta uirthi nó, le fírinne, ar ghrean duine éigin téacs bíobalta uirthi agus bior á úsáid chuige sin.
Is é seo an lámhscríbhinn is luaithe de chuid na hÉireann atá ar marthain. Scríobh duine éigin – manach nó scoláire i scoil mhanachúil – codanna de Shailm 30 agus 31, as an Sean-Tiomna, ar an gcéir i lámhscríbhneoireacht álainn bheacht. Is é atá iontach ná go bhfuil an stíl scríbhneoireachta seo ina stíl shainiúil Éireannach (‘mórpheannaireacht Éireannach’), ar stíl í a mhair go dtí an lá atá inniu ann. Ar mhodh a léiríonn cultúr na hÉireann go beacht, cónascann sí gnéithe de chineálacha éagsúla scríbhneoireachta a bhí ann cheana féin le chéile ar bhealach nua.
D’fhéadfadh sé gurb ionann an litearthacht agus allmhaire cultúir ón domhan iar-Rómhanach ach bhí sí fréamhaithe sa chultúr áitiúil ón tús. Tá scéalta níos déanaí ann faoi lámhscríbhinní áille a scríobh scríobhaithe agus naoimh de chuid an tséú haois agus déantar tagairt do N Colm Cille, go háirithe, agus é ‘ag scríobh ina bhoth’. Insíonn ‘beatha’ naoimh eile scéal faoi bhuachaill a cuireadh chun bealaigh ‘le go mbeadh sé in ann eolaíocht na litreacha a fhoghlaim’. Ní scríbhneoireacht reiligiúnach a bhí i gceist leis an luathscríbhneoireacht seo go léir. Tugann an fhianaise theangeolaíoch le fios gur cuireadh tús leis an obair a bhain le téacsanna cuimsitheacha dhlíthe na mBreithiúna thart ar an am seo freisin ach níl aon cheann de na lámhscríbhinní sin ann anois.
Ní hionann litearthacht agus foghlaim. Bhain léitheoireacht agus scríbhneoireacht le hord nua na mainistreacha Críostaí ach bhí ord foghlama níos sine ná sin ann in Éirinn. Bhí gradam ollmhór ag na ‘filidh’ (filí, an lucht léinn agus coimeádaithe an tseanchais) agus lean siad dá bpribhléidí gairmiúla a fheidhmiú. Sin an fáth go bhfuil luathlitríocht na hÉireann chomh saibhir sin: meascadh na litearthachta nua Críostaí le seantraidisiúin bhéil na miotaseolaíochta agus na haoire, leis an bhfilíocht liriciúil agus leis na duanmholtaí do ríthe áitiúla. Mar a dúirt an scoláire Ceilteach, Proinsias Mac Cana, ‘faoi dheireadh an tséú haois, bhí an eaglais (is é sin, na mainistreacha) agus na ‘filidh’ ar aon intinn lena chéile agus ón trath sin ar aghaidh tá fianaise ar chomhoibriú praiticiúil agus asamhlú síormhéadaitheach eatarthu’. Is é a lean as an gcumasc sin ná an chéad litríocht dhúchasach neamh-Chlasaiceach de chuid Iarthar na hEorpa.
Chomh maith le scríobh i Laidin, scríobh na manaigh i nGaeilge agus scríobh siad síos scéalta réamh-Chríostaí chomh maith le téacsanna reiligiúnacha. Tháinig meadaracht iomann Laidine agus nósmhaireacht na rannaireachta isteach i bhfilíocht na hÉireann de réir a chéile. Mar thoradh ar an éileamh ar scríbhneoireacht tháinig stíleanna nua níos dírí, ó thaobh léiriú de, chun cinn, is é sin, stíleanna a bhí níos sothuigthe ag an ngnáthdhuine ná mar a bhí léann barócach na ‘filidh’, ar léann é a bhí éilíteach d’aon turas go minic. Ach níor chuir an litearthacht deireadh leis na nósanna go léir a bhí ann roimhe sin: go feadh méid áirithe, is in Éirinn amháin, beagnach, a tharla sé sin, agus thug sé sin beatha nua agus beatha i bhfad níos faide do na nósanna sin.