READ MORE
Toirc na
Teamhrach
c.1200RC
Sa bhliain 1810, bhí buachaill ag tochailt gar don ráth ar a dtugtar Ráth na Seanadh ar Chnoc na Teamhrach i gCo. Na Mí agus tháinig sé ar dhá thorc óir mhórthaibhseacha. Rinneadh iad ar mhodh thar a bheith oilte trí imill barra óir a ghreadadh ina gceithre fheire thanaí ar inneoin agus, ina dhiaidh sin, tríd an iomlán léir a chasadh ina chiorcal. Mar gheall ar an méid óir a úsáideadh chun iad a dhéanamh, ós rud é gur cineál nua réada iad na toirc, mar gheall ar an tsofaisticiúlacht teicneolaíochta a bhí ag teastáil ina leith agus ós rud é go raibh Teamhair í féin ag teacht chun cinn mar lárionad deasghnátha de chineál measartha tábhachtach, is léir go raibh an tsochaí ag éirí níos casta.
Tá an ceann is mó de na toirc thart ar 42cm ar trastomhas agus, dá mbainfí an cadash as, bheadh sé thart ar 167 cm ar fad. Tháinig an cumas chun réada den chineál seo a dhéanamh chun cinn ag tráth forbartha a bhféadfadh sé ina leith gur spreagadh é mar thoradh ar mheath aeráid na hÉireann ó thart ar 1200RC ar aghaidh. D’fhéadfadh sé gurbh é a lean as sin ná coimhlint agus éiginnteacht (baineann cineálacha nua arm agus lonnaíochtaí imfhálaithe leis an tréimhse seo) agus tháinig ríthe níos cumhachtaí chun cinn an tráth sin freisin. Glactar leis gur caitheadh toirc ar an muinéal ach tá na toirc seo as Teamhair sách mór lena gcaitheamh ar an gcoim agus d’fhéadfadh sé gur cuireadh ar íola iad, fiú amháin. Is é is dóiche, áfach, dar le hÉamonn Kelly, as Ard-Mhúsaem na hÉireann, ná gur ‘míreanna éadaigh siombaileacha a bhí ann agus gur chaith ríthe na Teamhrach iad. Conas is eol dúinn an méid sin? Mar gurb iad seo na réada is breátha de chuid na tréimhse’.
Ag tús na Cré-Umhaoise Déanaí, ghlac teicníochtaí coimpléascacha casta miotail ionad an tsaothraithe óir leatháin. Cé gur léirigh na luanlaí den chineál is sine bealach cliste chun an chuid is fearr a dhéanamh de mhéid beag óir lómhair, is cosúil go bhfuil na toirc ceaptha chun léiriú a thabhairt ar an méid óir a úsáideadh chun iad a chruthú. Tá siad ann ar mhaithe le taibhseacht. Ba lárionad tábhachtach é Teamhair ar feadh trí mhílaois sula ndearnadh na toric ach tugann a sárcháilíocht le fios go raibh sí tar éis stádas i bhfad níos airde a bhaint amach. Dar leis an Uas Kelly maidir le Teamhair ‘nach raibh ach cumhacht pholaitíochta, ná cumhacht reiligiúin fiú amháin, i gceist léi. Tá cumhacht spioradálta ann. Agus sin an rud a thugann an t-údarás do na ríthe. Tá tuiscint air sin ann cheana féin sna réada seo. Tugann siad aitheantas don té a chaitheann iad mar an duine a nascann an saol seo leis an saol eile.’